ach a dhá oiread, agus chothóch’ a raibh de dhaoine beo i n‑Éirinn. Bhí cuanta na h‑Éirean lán de loingeas, agus na loingeas lán d’arbhar na h‑Éirean, ag imtheacht as na cuantaibh, agus na daoine ar fuaid na h‑Éirean ag fághail bháis leis an ocras.
“Cad ’n‑a thaobh nár coimeádadh an t‑arbhar?” a déarfaidh duine, b’fhéidir.
Níor coimeádadh é mar níor bh’ fholáir é dhíol chun an chíosa dhéanamh, é féin agus an t‑ím agus an fheóil, agus an uile bhlúire eile de thoradh an tailimh, ach amháin an práta. Do rug an dubh an práta leis, agus ansan níor fhan aon bhlúire bídh le n‑ithe ag na daoine.
“Cad ’n‑a thaobh,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “nár deineadh dlígh chun na ndaoine do chosaint ar an éagcóir sin a chuir fhéachaint ortha an t‑arbhar do dhíol agus gan aon rud le n‑ithe do choimeád dóibh féin?”
Mo thruagh do cheann gan chiall! “Dlígh chun na ndaoine do chosaint,” arsa tusa. Airiú, dá dtráchtfá an uair sin le h‑uaislibh Shasana ar dhlígh chun na ndaoine do chosaint, déarfaidís gur ar buile bheifeá.
Ní chun na ndaoine chosaint a dheineadh muíntir Shasana dlighthe an uair sin i n‑aon chor. Chun na ndaoine do bhrúth síos agus do chreachadh, agus do chur chun báis le gorta agus le gach aon tsaghas éagcóra iseadh dheineadh muíntir Shasana dlighthe an uair sin. Is ait an sgéal é, ach bhí sórd seanfhocail ag muintir Shasana an uair sin. Sidé an seanfhocal:―
“Éagcóir ar an máighistir iseadh ceart do thabhairt do’n tineóntaidhe.”