Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/51

From Wikisource
This page has been validated.
37
AN GORTA

ná raibh an gustal aige, agus níor chuir san mé ó é bheith daingean am’ aigne gur am’ shagart a bheinn, pé cuma ’n-a dtiocfadh san chun cinn. Mura mbéadh an dubh a theacht ar na prátaí agus an droch shaoghal do theacht i ndiaigh an duibh, ní deirim ’ná go mbéadh sé ábalta ar an méid sgolaidheachta a bhéadh riachtanach do thabhairt dom. Ach d’iompuigh an droch shaoghal gach aon rud taobh síos suas. Agus rud ab iongantach, isiad na feirmeóirí móra láidire do thuit ar dtúis. An fear ná raibh aige ach an fheirm bheag, féar sé no seacht de bhuaibh, do choimeád sé a ghreim, agus an fear go raibh an fheirm mhór fhairsing aige do briseadh é go luath nuair a tháinig an t-atharughadh saoghail. An t-é ná raibh aige ach an beagán níor chaill sé ach an beagán. Ní raibh an cíos mór ná na glaoidhte móra air roimhe sin. Bhí taithíghe aige ar mhaireachtaint gan iomarca rabairne. Níor ró dheacair do cúbadh chuige beagáinín eile, agus na glaoidhte beaga d’fhreagairt gan iomarca cruadhtain do chur air féin. Ach an t-é go raibh an fheirm mhór aige bhí taitíghe ar an mbeatha chostasamhail aige. Bhí sé neamhspleadhach an fhaid a fhreagair an fheirm. Nuair a tháinig an t-atharughadh, do stad toradh na feirme láithreach. Bhí an chailleamhaint ró mhór, agus bhí an rabairne ró mhór agus na glaoidhte ró mhór. Níor bh’ fhéidir iad do fhreagairt agus do sguabadar d’á bhonnaibh é. Is cuimhin liom go maith conus mar a dh’airighinn an sgéal nua d’á innsint agus iongnadh ’á dhéanamh de: “Ó! ar airighis? Tá a leithéid seo briste! Tá a chuid tailimh anáirde. Tá sé féin imthighthe. D’éaluigh sé. Tá a chuid tailimh anáirde.”

Do h-airightí go minic, “Tá a chuid tailimh anáirde”; ach ní h-airightí i n-aon chor an uair sin, “Tá a chuid