phrátaí. Bhíos féin ann, leis. Bhíos am’ sheasamh ar a n-aghaidh amach ag éisteacht leó agus iad ag caint. Isiad beirt a bhí ann ’ná Labhrás ua Duinnín agus fear n-ar bh’ ainim dó Micheál ua Laoghaire. Firín ana bheag, ana dhubh, ab eadh é, agus Micheál Dubh a tugtí air. Pé caint a bhí ar siúbhal acu measaim gur b’ amhlaidh nár mhaith leo mise bheith ag éisteacht chómh géar leis an gcaint. Chaitheadar uatha an chaint, agus d’iompuigheadar orm-sa.
“Seadh anois, a Pheadair,” arsa Micheál Dubh, “ciacu againn is measa leat?”
“Is measa leis mise,” arsa Labhrás.
“Thugais d’éitheach, ní measa,” arsa Micheál; “is measa leis mise,” ar seisean.
“Deirim-se gur bréag dhuit sin,” arsa Labhrás; “is measa leis mise.”
“Cuirfidh mé geall leat,” arsa Micheál, “gur measa leis mise.”
“Seadh, a Pheadair,” arsa Labhrás, “ ciacu againn is measa leat?”
“Is measa liom tusa,” arsa mise, “agus is fearr liom Micheál.”
Do stad an bheirt agus d’fhéachadar orm. Ansan d’fhéachadar ar a chéile, agus do sgeartadar ar gháirí.
“Airiú, nách géarchúiseach an bioránach é!” arsa Labhrás.
“Is ait an freagra é,” arsa Micheál Dubh. “Is measa leis tusa agus is fearr leis mise!”
Le n-a linn sin d’fhéac Labhrás anonn i dtreó a thíghe féin a bhi thall ar mhullach na réidhe. Bhí gáirdín beag cabáiste aige thall ar aghaidh an tíghe amach. Bhí cúpla gabhar aige thall, leis. Do thárla, nuair fhéach sé