Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/231

From Wikisource
This page has been proofread.

agus do Dhochtúir Ua h-Aimhirgin agus dómh-sa. Chuamair siar ó Bhaile Átha Cliath ar mhótor.

Tar éis an dínnéir do chruinnigh buidhean Choluim Cille sa halla mór agus dheineamair go léir a lán cainte. Ar an nGaeluinn agus ar gach aon rud a bhain leis an nGaeluinn iseadh dheineamair an chaint.

I gcaitheamh na cainte dhúinn agus i gcaitheamh an tráthnóna, do chuimhnigheas féin go minic ar thuama atá ansúd sa roilig bheag lastiar de’n Choláisde. Tá cómhra throm iarainn istigh sa tuama san agus táid cnámha duine, cnámha sagairt, istigh sa chómhrainn sin. Do tugadh an chómhra san agus an méid atá istigh inti aniar ar fad ó’n dtaobh thiar de’n chruinne, ó Los Angeles, treasna na mílte míle tíre agus uisge, agus do cuireadh isteach sa tuama san í agus tá sí ann. Isiad cnámha an Athar Eoghan ua Gramhna atá istigh sa chómhrainn. Tá sé féin thuas i n-aoibhneas na bhflathas. Bhí sé ag féachaint anuas orainn an oídhche úd, agus bhí áthas air. Chonaic sé an obair ag dul chun cinn go beó agus go bríoghmhar, tar éis na mblianta go léir, an obair a bhris a shláinte féin agus do shlad an t-anam as i dtosach a shaoghail, an obair dá mbéadh beatha trír aige go dtabharfadh sé an bheatha san go léir chun na h-oibre sin do chur chun cinn.

Nuair airigh uaisle catharach Chorcaighe an rud a bhí déanta ag uaislibh Bhaile Átha Cliath thuigeadar gur cheart dóibh féin rud éigin de’n tsaghas chéadna do dhéanamh. Shocaruigheamair ar shaoirse Catharach Chorcaighe thabhairt do Dhochtúir Kuno Meyer agus dom féin. Cheapadar lá chuige, agus ar ádhbharaí an tsaoghail cad é an lá a cheapfaidís chuige ach an cúigmhadh lá fichid de Mhitheamh an Fhóghmhair, .i. Lá