Tadhg ó h-Arrachtáin[1] a bhí mar aturnae ag cosaint an Bhrianaigh.
“Leig dom féachaint ar an bpáipéar san,” arsa Tadhg.
Do síneadh chuige an páipéar. D’fhéach sé air go géar. Ansan d’fhéach sé ar an bhfínné go géar.
“Ní h-é seo an páipéar ar ar thógais-se na nótaí seo ar dtúis,” ar seisean.
“Isiad san na nótaí a thógas,” arsa’n fínné.
“Tabhair dhom an páipéar ar ar thógais ar dtúis iad,” arsa Tadhg. Do stad an fínné bocht agus d’fhéach sé ar atúrnae na coróinneach agus suas ar an mbínse.
“Ní’l fhéachaint ort ach na nótaí thabhairt dó,” arsa aturnae na coróinneach.
“Ní chuirfidh an cás cor eile dhé,” arsa Tadhg, “go dtí go dtabharfar an páipéar eile dhómh-sa.”
Do lean an t-aighneas ar feadh tamaill. Fé dheire bh’ éigean do’n fhínné bhocht a lámh a chur isteach ’n-a phóca agus a sparán do thabhairt amach agus an seana pháipéar do thógaint as an sparán agus é shíneadh anonn chun Taidhg. Thóg Tadhg an seana pháipéar leath-bhriste agus d’fhéach sé air agus do léigh sé é. Chuir sé gáire bheag as agus thaisbeáin sé an páipéar do’n Bhrianach. Chuir an Brianach gáire mhaith láidir as. Cad a chuir ag gáirí iad? Sidé an rud a chuir ag gairí iad. Bhí an páipéar tar éis dul go Baile Átha Cliath agus teacht thar n-ais, agus bhí órdughadh ó’n Rúnaire Mór i mBaile Átha Cliath sgríobhtha treasna air, .i. “Not to be used.” Féach air sin! Órdughadh ó Bhaile Átha Cliath gan aon úsáid a dhéanamh,
- ↑ Timothy Harrington.