suaimhneas a bhí ag teacht. I gceann tímpal chúig neómataí tháinig deichniúbhar agus dachad des na “peelers” agus a ghuna ag gach fear díobh. Bhí, go dtí san, lasmuich des na daoine a bhí ’n-a gcois, mórán fear agus iad ar a gcapaillibh. Nuair a chonacadar an bhreis des na “peelers” ag teacht agus na gunaí acu, siúd tímpal iad go dtí go rabhadar ’n-a marcshluagh láidir daingean idir na daoine agus na “peelers.” Ní raibh aon bhreith, ansan, ag na “peelers” ar fhear na nótaí do bhreith leó suas chun na cathaoireach. Bhí tímpal trí fichid fear acu ann, agus ní raibh aon ghnó eile acu le déanamh ach an fear san do bhreith leó suas.
Dá ngabhaidís tímpal bhéadh sé thuas acu gan aon ríghneas, agus rud eile, dhéanfaimís slígh thuas dó láithreach. Ní raibh aon chur ’n-a choinnibh ag aoinne. I n-a inead san is amhlaidh a mheasadar é bhreith leó suas tré idir mharcshluagh agus daoine. Chromadar ar na capaill do bhualadh. Má chromadar d’iompuigh na marcaigh cosa deirigh na gcapall leó agus bhrúghadar na capaill siar isteach ’n-a measg. Thóg na “peelers” na gunaí agus bhuaileadar idir chapaill agus marcaigh leó. D’iompuigh na marcaigh ortha agus bhuaileadar iad chómh maith agus d’fhéadadar é le pé arm a tháinig chun lámha. Bhí an obair go teith acu ar feadh tímpal chúig neómataí sar ar theith na “peelers” as an áit. Do lean raint des na daoine ar a dtóir. Chuaidh na “peelers” isteach sa bharrac uatha. Bhí gach aon rud go breagh socair ansan. Bhíos am’ sheasamh ar an gcaráiste, ag brath air ná béadh a thuille toirmisg againn. Ba ghearr gur airigheas, go breagh láidir fuaiminteamhail, urchar ó’n mbarrac. Bhí iongnadh orm. Ní raibh troid ná cómhrac ar siúbhal.