“Vathek” ab ainim do’n leabhar. Innstear sa leabhar conus mar a bhí rí uasal árd-chómhachtach sa domhan tsoir, agus gur bhuail chuige lá ceannaidhe éigin a bhí ag díol arm. Cheannaigh an rí claidheamh ana bhreagh uaidh. D’imthigh an ceannaidhe. Ar maidin amáireach a bhí chúghainn bhí an rí ag féachaint ar an gclaidheamh agus ag déanamh iongnadh dhé, bhí sé chómh breagh san. ’Gá iniúchadh dhó thug sé fé ndeara, ar a lann, sgríbhinn éigin. Thug sé iaracht ar an sgríbhinn do léigheadh. Do theip air. Chuir sé fios ar na sgoláiríbh móra a bhí ar a theaghlach. Do theip ortha aon bhrígh bhaint as an sgríbhinn. Bhí féasóg bhreagh mhór throm fhada ar gach aoinne acu. Cheap an rí na cinn a bhaint díobh, ach dúbhairt sé go ndéanfadh sé an gnó na féasóga do bhearradh dhíobh. Do bearradh an fhéasóg de gach aoinne acu. Tháinig sgoláirí móra ó gach aon pháirt de’n rígheacht, gach aoinne acu deimhnightheach go léighfeadh sé féin an sgríbhinn. Do baineadh an fhéasóg de ’n uile dhuine riamh acu. Fé dheire tháinig seanduine beag suarach dubh agus dronn air, agus féasóg air níba bhreaghtha go mór ’ná mar a bhí ar aoinne de’n chuid eile. Do léigh sé an sgríbhinn agus do nocht sé a bhrígh. “An claidheamh is fearr sa domhan do’n rí is fearr sa domhan,” nó rud éigin de’n tsórd san, iseadh adúbhairt an sgríbhinn. Bhí áthas mór ar an rí, agus do tugadh onóir ana mhór d’fhear na druinne. Ar maidin amáireach a bhí chúghainn dúbhairt an rí le fear na druinne an sgríbhinn do léigheadh airís dó. Chómh luath agus d’fhéach fear na druinne ar an lann tháinig tocht air.
“Léigh amach dom é!” arsa’n rí.
“Á, a rí,” arsa’n fear, “ní h-é an sgríbhinn céadna é a bhí indé ann!”