aoinne gur bh’ é mo cheart-sa an pharóiste dh’fhághail ansan. Ní bhfuaras í, ámhthach. Dúbhairt an t-Easbog go raibh sé ar aigne an pharóiste thabhairt dom dá maireadh an seana shagart cúpla bliain nó trí eile, ach ná féadfadh sé í thabhairt dom an uair sin mar go raibh mórán sagart eile aige a bhí abhfad níba shia sa n-obair ’ná mar a bhíos-sa, agus gur bh’ éagcóir ortha san an pharóiste thabhairt dómh-sa an uair sin. Dá labhrainn-se d’fhiafróchainn dé cad ’n-a thaobh nách duine acu san a cuireadh ag déanamh oibre na paróiste nuair a cuireadh mise ’á dhéanamh. Ach níor labhras. Ní dúbhart aon fhocal. Thugas dhá bliain eile sa pharóiste ansan fé’n sagart paróiste a tháinig, ag taisbeáint na mbóithre dhó agus ag cur aithne aige féin agus ag na daoine ar a chéile. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne aige bíodh gur i sráid Maghchromtha a tógadh é.
Thugas dhá bhliain i gCill Úird i dteannta an tsagairt paróiste sin, agus ansan do cuireadh ó-thuaidh mé go Dún ar Aill. Ní fada bhíos sa n-áit sin nuair eirigh ana choímheasgar idir an tighearna talmhan ba mhó a bhí ann agus a thineóntaithe. Lord Doneraile an teidiol a bhí aige. Bhíodh sé ’ghá mhaoídheamh nár chuir sé féin aon tineóntaidhe amach riamh. Théighdís amach, ámhthach. Seo mar a dheineadh sé a ghnó. Bhí na feirmeacha go léir curtha ana dhaor aige. Nuair a thagadh tineóntaidhe ag díol chíosa do glactí uaidh, go breagh réidh, pé méid a bhíodh aige le tabhairt uaidh, agus do curtí an chuid eile síos ’n-a choinnibh i leabhar an chúntais. Do dhíoladh sé i gcómhnuighe an méid ba mhó a fhéadadh sé dhíol; ’sé sin le rádh do dhíoladh sé breis agus an méid ba mhó ba cheart a bheith mar chíos air. Ach bhíodh an cúntas ’n-a choinnibh ag méadughadh i