Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/182

From Wikisource
This page has been proofread.

caitheamh amach, agus tógáilt sealbha, agus imtheacht le fuacht agus le fán iseadh cheapadar a thiocfadh a’ díultughadh do’n chíos a dhíol, agus b’shin coróinn fé’n bpúnt tagaithe as dóibh siúd, agus cheithre sgillinge fé’n bpúnt dóibh siúd eile! Cad é mar atharughadh ag teacht sa tsaoghal!

Chuimhnigheas féin ar an aimsir a bhí curtha dhíom agam, ar Shaunders agus ar Bhroderick, agus ar an ndlígh agus ar an gclampar, agus ar an “smut de ghé úd a h-itheadh fadó nuair a bhí an Nodlaig ann,” agus go deimhin do ghabhas mo bhuidheachas ó chroídhe le Dia na Glóire a bhreith am’ beathaigh orm go bhfeaca an t-atharughadh aimsire sin, agus an sgeimhle sin agus an briseadh catha san tagaithe ar na bitheamhnaigh. An lámh uachtair fághalta againn ortha chómh críochnuighthe agus dá mbeimís tar éis éirligh Cluana Tairbh a dh’imirt ortha thíos ar machaire Chille Dara!

Duine anoir ó Chill Mocheallóg a bhíodh sa chathaoir againn i gcaitheamh na h-aimsire sin. Thagadh sé anoir gach aon lá a bhíodh cruinniughadh buidhne againn. Théighinn-se ann uaireanta, ach ní fhéadainn dul ann i gcómhnuighe toisg cúram na sgoile bheith orm. Bhí gach aon rud ag eirighe linn go h-áluinn go dtí gur tháinig lá áirighthe. Tháinig cúntas sa pháipéar ar rud a thuit amach thiar i dTráigh Lí. Bhí buidhean Thrágha Lí cruinnighthe ’n-a seómra agus iad ag déanamh a ngnótha. Go h-oban, agus gan blúire coinne acu leis, do phreab chúcha isteach buidhean lucht airim, agus do gabhadh ’n-a bprísúnachaibh a raibh sa tseómra. Do ghluais an tuairisg sin ar fuaid na h-Éirean. Tháinig crith chos agus lámh ar a lán de mhuíntir an Land League. Cúpla lá ’n-a dhiaigh san a bhí buidhean an Rátha le cruinniughadh chun gnótha. Do chruinnigh an bhuidhean,