Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/179

From Wikisource
This page has been proofread.

Ní raibh aon rud chun mé chosg ar chómhairle thabhairt do phobul feirmeóirí, agus a rádh leo imtheacht ar aghaidh sa bhfuadar a bhí fútha.

Thuigeas go raibh gádh le cómhairle acu. Bhíodar ansúd am’ thímpal agus iad go dúr agus go gruamdha. An seana sgannradh ortha. An t-eagla ortha go mbéarfaí ortha ar ball agus go gcuirfí an dlígh ortha, mar ba ghnáth riamh, agus gur bhaoghal ná tiocfaidís saor, bíodh ná raibh dlígh Dé ná dlígh rígheachta ’á bhriseadh acu. Bhíos ag faire ortha agus chonac ’n-a ngnúiseanaibh an ghruaim, agus an sgannradh, agus an droch iontaoibh asta féin agus as a chéile. Sgannradh ar gach aoinne le h-eagla go neósfaí do’n mháighistir go raibh sé sa pháirc sin an lá san. Ní raibh aoinne ar an árdán fós ach triúr nó ceathrar garsún. Ansan tháinig sagart óg láidir ó Chontae Luimnighe agus chuaidh sé anáirde ar an árdán. Chuas féin anáirde i n-aonfheacht leis. Thosnuigh sé ar chaint, agus ba dhian mhaith chuige é. Do labhair sé go dána ’ghá mhíniughadh conus mar a bhí na máighistirí ag déanamh éagcóra ar na feirmeóiríbh, ag éileamh chíosa nár bh’ fhéidir a dhéanamh as an dtalamh. Bhí na feirmeóirí ag éisteacht leis an gcaint agus iongnadh ortha a rádh go raibh sé de sgairt ag aoinne an fhírinne dh’innsint amach chómh neambalbh san. Bhí seisean ag caint agus bhíos-sa ag faire ortha-san. Tháinig tuille sagart. Do léim gach sagart, fé mar a tháinig sé, do léim sé suas ar an árdán, go dtí go raibh oiread san againn ann gur bh’ ar éigin a bhí slígh d’á thuille againn ann.

Seo rud a thugas fé ndeara an lá san, agus níor sgar sé le m’ chuimhne riamh ó sin ná ní sgarfaidh go deó. Nuair a chonaic na daoine an brúth sagart