Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/173

From Wikisource
This page has been proofread.

Bhríghde Naomhtha againn, agus conus mar a bhí an leabharlann i Ráth Chormaic, agus an banna práis, agus an ceól, fé chomairce Bhríghde againn. Bhí an obair go léir fé chomairce Bhríghde. Chómh luath agus d’osgalas an sgoil sa Ráth chuireas an sgoil agus an obair agus mé féin agus gach aon rud a bhain leis an ngnó, fé chomairce Bhríghde. Agus go mór mór, bhí an staonadh ó gach deoch meisgeamhail fé n-a comairce agam. Bríghid Naomhtha, Muire na nGaedhal, isí fé ndeara dhómh-sa an fhearg do bhrúth fúm an uair úd, nuair a h-iaraidh orm an bheart spriúnlaithe úd a dhéanamh. Ní fhéadainn gan gáire dhéanamh, i gcaitheamh an lae ’n-a dhiaigh san, nuair a chuimhnighinn ar a luighead d’á fhios a bhí ag an sagart bocht úd gur bh’ ar Bhríghid Naomhtha ba cheart dó a bhuidheachas a bheith aige nár chaitheas chuige an sgoil, agus ná dúbhart leis, “Má’s maith leat airgead a dhéanamh as an sgoil, múin féin í, dein féin an obair.”

Bhí cúis eile agam, leis, le gan an sgoil do chaitheamh chuige. Theastuigh uaim an gnó do chríochnughadh dos na buachaillíbh a lean mé. Dá gcaithinn uaim an sgoil do chaillfinn ortha san. Bhéadh san spriúnlaithe, leis. Ní fheadar ná gur thúisge leó an t-airgead do dhíol ’ná mise d’eirighe as an obair. Is dóich liom gur thúisge. Ach pé ’cu ba thúisge nó nár thúisge ní thógfainn-se aon airgead uatha.

D’á éaghmuis sin airís, bhí cuid des na buachaillíbh a bhí tagaithe chun na sgoile ó’n sráid agus ó’n gcómharsanacht, agus bhí aithne curtha agam ortha, agus bhí fághalta amach agam go raibh árd éirim aigne acu. Thuigeas gur bh’fhiú iad raint d’á nduagh dh’fhághail. Do bhrúthfainn a lán feirge fúm ní ba thúisge ’ná mar a stadfainn d’iad a mhúineadh agus iad chómh maith