Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/164

From Wikisource
This page has been proofread.

Cá bh’fhios a thiocfadh as ’n-a dhiaigh so? Pé rud a thiofcadh as ’n-a dhiaigh so ná ná tiocfadh, do thiocfadh as anois go ndéanfainn m’ eólus féin ar na seana theangthachaibh d’athnuachaint, agus níor mhisde dhom san.”

Tharaingeas chúgham na seana leabhair agus ghlanas an ceó dhíobh agus cromas ar fhéachaint tríotha. Ba ghearr go bhfeaca go raibh gádh leis an athnuachaint. Do labhras le duine des na buachaillíbh, an fear ab fhearr díobh. Tomás ua Mórdha ab ainim dó. B’ é an fear ab fhearr é ar an gceól agus ar léigheadh na leabhar agus ar gach aon tsaghas eile oibre aigne d’á mbíodh ar siúbhal againn. D’fhiafraigheas dé ar mhaith leis Laidion a dh’fhoghluim.

“Cad é an gnó bhéadh agam dé, a Athair?” ar seisean.

“Cá bh’ fhios ná go ndéanfadh Dia sagart díot,” arsa mise. “Má’s maith leat Laidion d’ fhoghluim,” arsa mise, “múinfead-sa dhuit í, agus ní bheidh agat le díol as an obair ach aon nídh amháin.”

“Agus cad é an nídh é sin, a Athair?” ar seisean.

“An nídh seo, a Thomáis,” arsa mise; “má osgalan Dia an bóthar duit chun bheith ad’ shagart go ndéanfair féin leanmhaint de’n staonadh ó’n ól agus go ndéanfair do dhícheal chun a chur fhéachaint ar dhaoine eile an staonadh céadna dhéanamh.”

“Déanfad an nídh sin, a Athair,” ar seisean, “agus go deimhin, dá mb’ é toil Dé dhom é, do thabharfainn an saoghal go léir ar bheith am’ shagart.”

“Tá go maith,” arsa mise. “Sidé an leabhar, féach, agus sidí an chéad cheacht atá agat le foghluim, agus tá sé chómh maith againn tosnughadh anois.”

Agus do thosnuigheamair. Níor bh’fhada go raibh an