Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/159

From Wikisource
This page has been proofread.

ar seisean leis an múinteóir. “Well, Mr. ‘Do be,’” ar seisean leis an leanbh, “how are you to-day, Mr. ‘Do be’? And how is old Mr. ‘Do be’? And how is Mrs. ‘Do be’? And how are all the other little ‘Do be’s’ and ‘Does be’s’?”

B’ shin iad athair agus máthair an leinbh, agus an chuid eile de’n chlainn a bhí i ndiaigh an leinbh sin sa bhaile. Féach air sin mar tharcuisne ’á thabhairt do’n lín-tíghe sin! Tarcuisne phoibilídhe, os cómhair na sgoile go léir!

Ná measadh aoinne ná tuiteadh rud de’n tsórd san amach ach go h-anamh. Do thuiteadh sé amach go minic, go h-ana mhinic. Tá sé ag tuitim amach fós, uaireanta. Do chonac féin cigire go minic ag rástáil isteach i sgoil agus a hata ar a cheann aige, agus gan aige do’n mhúinteóir, os comhair na leanbh, ach an focal ba tharcuisníghe ’n-a phluic.

Thugas cheithre bliana i gCill Úird an uair sin. Bhí an leabharlann mór go maith i ndeire na h-aimsire sin. I gcaitheamh na h-aimsire sin iseadh tháinig an cogadh mór úd idir an Fhrainnc agus an Almáinn. I gcaitheamh bliana an chogaidh sin do bhíodh na páipéir againn sa leabharlann agus sinn ag faire ar an gcuma ’n-a raibh an cogadh ag gluaiseacht, agus gan amhras is leis an bhFrainnc a bhíodh ár mbáidh go léir idir óg agus críona againn. Bhí brón mór orainn nuair a chonacamair an buadh ag an Almáinn.

I gcaitheamh na h-aimsire sin, leis, iseadh bhí ár bhfeisirí Éireanacha, agus Isaac Butt ’n-a cheann-uraid ortha, “ag seasamh a gcirt” thall i bPárlimint Shasana. Bhíodh cruinniucháin mhóra againn ins gach aon pháirt d’Éirinn ag gabháil páirte le Butt sa ghnó san, agus le n-a bhuidhin. Is cuimhin liom go ndeigh gasra mór