Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/157

From Wikisource
This page has been proofread.

D’á éaghmuis sin, bhí an Ghaeluinn a labharthaí bhí sí ar áilleacht. Ba bhreagh liom bheith ag éisteacht leis na seandaoinibh ’gha labhairt. Nuair a chuirinn an ola dhéanach ar sheanduine acu, agus nuair a thugainn an Corp Naomhtha dhó, agus nuair adeireadh sé ansan, ó chroídhe amach, “Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd! Mo ghrádh go daingean É!” do stadadh m’ anál orm agus thagadh luas croídhe orm agus do sgeinneadh deóracha ó’m shúilibh i dtreó go n-iompuighinn i leith taoibh beagán.

Siní an chaint go raibh an creideamh inti. Siniad saghas daoine naomhtha a bhí i n-Éirinn an uair sin agus roimis sin, agus gan aon fhocal Béarla acu. Ba bhaoth an gnó do’n namhaid bheith a d’iaraidh a chur fhéachaint ortha súd an creideamh do shéanadh.

Bhí cheithre sgoileana “Náisúnda” sa pharóiste, agus ní raibh oiread agus aon fhocal amháin Gaeluinne ag aon duine des na múinteóiribh a bhí ag múineadh aos óg ins na sgoileanaibh sin. B’uathbhásach an éagcóir é d’á dhéanamh ar mhúinteóiribh agus ar aos óg i n-aonfheacht. Na múinteóirí ’ghá marbhughadh féin a d’iaraidh múineadh dhéanamh le caint nár tuigeadh, agus aigne an lucht foghluma d’á ciapadh agus d’á dalladh agus d’á cur amú, ó bheith a d’iaraidh eóluis do ghlacadh tré chaint nár tuigeadh. Agus ansan, éagcóir eile ba thiubaistíghe ná an dá éagcóir i dteannta chéile, cigire, nó “inspector,” ag teacht ó’n mBórd agus ag dul isteach ins na sgoileanaibh sin, ’ghá bhféachaint agus ag breithniughadh ortha, agus gan aon léus eóluis aige ar an dá éagcóir úd, an éagcóir ar na múinteóiribh agus an éagcóir ar an aos óg.

Tá so agam le rádh, ámhthach. Chómh fada agus chuaidh