ar meisge ó’n aonach nó ó’n margadh, agus é féin agus a chapall i gcontabhairt tuitim i ndíg an bhóthair agus bheith báithte nó basgaithe, agus an t-airgead ba cheart dó a thabhairt leis abhaile fágtha aige ins na tighthibh tabhairne a bhí ar na crosairíbh roimis; fághaltas fial fágtha ins gach tigh acu aige; nár mhó leis seile tobac ’ná leath choróinn gheal do chaitheamh uaidh ins gach tigh tabhairne acu; agus ansan, nuair a thagadh a chiall dó amáireach ’n-a dhiaigh san, gur dhóich le duine air gur bh’ fhiú leath-shobhran an leathphinne ruadh nuair a bhéadh raint bheag éigin aige ’á thabhairt d’á mhnaoi chun rudaí sholáthar do’n tigh! Chonac na h-uilc sin go léir agus na mílte olc eile ’n-a dteannta, agus do buaileadh isteach am’ aigne gur cheart dom iaracht éigin do dhéanamh ar chur ’n-a gcoinnibh, a bheag nó a mhór; dá mba ná tiocfadh liom a dhéanamh ach a bheag féin, gur bh’ fhearr é dhéanamh ’ná gan aon rud a dhéanamh.
Seo mar a tuigeadh dom ba cheart tabhairt fé’n obair, .i. a iaraidh ar gach aoinne staonadh ó gach deoch meisgeamhail. Bhí fhios agam go maith go mbéadh mórán daoine agus gur dheacair iad do thabhairt chun an staonadh san do dhéanamh. Bhí fhios agam, leis, nár bhfoláir dom éadan ana dhána bheith orm chun a iaraidh ar aon duine an staonadh san do dhéanamh gan mé féin ’á dhéanamh chómh maith le cách. Thuigeas nár bhfoláir dom féin an tosnughadh do dhéanamh. Chómh maith do dheineas. Do dheineas an tosnughadh. Shocaruigheas m’ aigne i lathair Dé ar gan deoch meisgeamhail a dh’ól a thuille. Ansan do chromas ar dhaoine eile do chómhairliughadh chuige. Is cuimhin liom aon fhear amháin agus bhíos ’á rádh leis gur cheart dó an staonadh dhéanamh. Bhí gach aon leathsgéal aige ar bhara a theangan dom chun gan é dhéanamh. Gach aon chúis d’ár thug