MO SGÉAL FÉIN
I
MO SHÍNSEAR
Sa bhliain d’aoís an Tighearna míle sé chéad a dó do briseadh cath ar Ghaedhlaibh agus ar an dá Aodh, Aodh ua Néill agus Aodh Ruadh ua Dómhnaill, i n‑aice Chionntsáile. Bhí naoi mbliana caithte an uair sin ag muíntir na h‑Éirean ag troid go dian i gcoinnibh a namhad ar son na h‑Éirean agus ar son an chreidimh, agus i gcaitheamh na naoi mblian san do rugadar buadh ar na Gallaibh ins gach cath trom d’ár buaileadh eatartha go dtí an briseadh sin Chionntsáile. Do loit an t‑aon bhriseadh amháin sin buadh na naoi mblian, agus bhí Éire fé chosaibh a namhad airís.
Ansan do ghluais an cos-ar-bolg agus an t‑éirleach, agus an feall i riocht dlíghe, agus an t‑éitheach i riocht na fírinne; na Gaedhil d’á ruagadh a’ talamh a sínsear nuair ná séanfaidís a gcreideamh, agus an talamh ’á thabhairt do ropairíbh iasachta anall ó Shasana agus ó Albain; go dtí gur chuir déine na h‑éagcóra fhéachaint ar na Gaedhlaibh eirighe amach airís agus iaracht eile do dhéanamh ar iad féin a chosaint ar a leithéid de léirsgrios.
Dachad blian tar éis bhriseadh Chionntsáile iseadh