bhróga féin agus chuir sé uime na bróga nua. Nuair a bhíodar ar a chosaibh do sheasaimh sé suas agus do bhreithnigh sé conus a dh’oireamhnadar é.
“Ó,” ar seisean, “táid siad go h-áluinn! go h-áluinn ar fad! Táid siad chómh h-oireamhnach dom agus dá mba dhom féin a déanfaí iad. Seo,” ar seisean, “bídís sin agat-sa,” agus caith sé na seana bhróga chun an fhile.
Chuir an file na seana bhróga uime agus chomáin sé leis ar a chuaird féin agus d’imthigh Fréiní an cnuc amach.
D’airigh file eile sgéal na mbróg. Dhein sé an bhérsa so:—
- “Is brón liom an sgeón so do ghlacais, a Éamoinn,
- Mar chóbach neamhchródha gan neart ’n-a ghéagaibh;
- ’S gur dhóich linn, dar ndóchaint, gur cheap le céad tú!
- ’S do bhróga do sheóladh ’n-a ghlaic chun Fréiní!”
Bhí an bhérsa san ag dul ó bhéal go béal. D’airigh Éamonn é. Thug sé an freagra so air:—
- “A óigfhir nach feóllta do chanas bhérsa,
- Ní dreóileacht neamhchródha do bhain dom féinig,
- Ach rógaire ar bhóthar do ghread le pléir mé,
- ’S nár mhó aige siúd feóirling ’ná anam Éamoinn!”
Do h-innseadh dom gníomh eile a dhein an Fréiní céadna. Do ghluais an cóiste lá ó Chorcaigh. Bhí bean ó Bhaile Átha Cliath ar an gcóiste agus níor fhéad sí gan bheith ag caint. Níor stad a béal ach ’ghá fhiafraighe de gach aoinne eile d’á raibh ar an gcóiste ar