Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/115

From Wikisource
This page has been proofread.

gclisteacht agus i gcumas ar an mBéarla. Cad fhéadfadh aoinne amháin a dhéanamh?

I ndiaigh chéile do mhaoluigh an díogras ionam agus thugas aghaidh ar na gnóthaíbh a bhain le h-obair an Choláisde i mBéarla agus i Laidin agus sa bhFrainncis. Do leanas, ámhthach, ar mo Choróinn Mhuire do rádh as Gaeluinn nuair a bhínn ag dul a chodla. Do sgríbhinn síos am’ leabhar sgríbhinne, anois agus airís, blúire beag Gaeluinne nuair a bhuaileadh sé umam. Is cuimhin liom conus mar a bhíos lá ag féachaint ar leabhar Gaeluinne sa leabharlann. Chonac ar chiúmhais leathanaigh ann an dán beag so:—

“A choluim an cheóil bhrónaigh sa ndún dubh thall,
Is doilbh an róimh nósmhar san fút go fann.
Tulach Uí Róig mhórdha na múrtha meann
Gan choire, gan spórt seólta, gan lúbadh lann!”

Thuigeas gur b’ amhlaidh a bhí an file ag féachaint uaidh ar sheana chaisleán bhriste éigin, agus go bhfeacaidh sé colúr ’n-a sheasamh anáirde ar bhara an tseana chaisleáin agus “Cú-ú! cú-ú!” aige, agus gur bheartuigh an file i n’ aigne an colúr san a bheith “ag éigheamh ’s ag osnadhal,” ag caoineadh na h-uaisleachta a bhí ar an gcaisleán san sar ar deineadh seana chaisleán briste dhé. Ní raibh aon tuairisg sa leabhar, ná ar chiúmhais an leabhair, ar cad é an caisleán é ná ar cá raibh sé. Bhíos féin ’á chuimhneamh go mb’ fhéidir gur “Tulach Uí Ruairc” ba cheart a bheith sa dán agus gur bh’ ar sheana chaisleán éigin le Brian na Múrtha do chonaic an file an colúr.

Nuair a bhí sé ag dul ’n-a luíghe ar m’ aigne ná raibh ach cailleamhaint aimsire dhom ann, bheith ag casadh