agus an t-arán cruithneachtan ó’n muillean, an t-ubh circe agus an t-ubh lachan, an leamhnacht agus an bainne ramhar agus an bhláthach, an práta agus an gobalach, agus an blúire bagúin anois a’s airís. B’shiné an biadh a théigheadh chun sochair dúinn. Do chuirimís suas an fheóil airís go tiugh, agus na pluic, agus thagadh an neart agus an fuinneamh airís ionainn, i dtreó, nuair a bhíodh an trí mhí laethanta saoire caithte agus théighmis thar n-ais go dtí an Choláisde, gur bh’ ar éigin aithnighdís na h-uachtaráin sinn, agus gur bh’ ar éigin aithnighmís a chéile.
Chuireas féin an chéad bhliain díom ann gan aon léic a theacht am’ shláinte, bíodh go rabhas ana lom nuair a thánag abhaile sa tsamhradh. Chuas thar n-ais sa bhfoghmhar agus mé láidir go maith. Ní rabhas abhfad istigh, ámhthach, nuair a thosnuigh an goile ar bheith ag cur orm. As san amach b’ éigean dom cuid mhaith de m’ aimsir do chaitheamh i dtigh na n-easlán ann, agus níor fhéadas a thabhairt d’aireachas dom’ chuid léighinn ach oiread agus bhéarfadh saor mé tré gach sgrúdughadh fé mar a thagadh sé. Bhíodh an trí mhí go breágh fada agam sa tsamhradh, agus ba bheag ná go leighseadh san an méid díobhála a bhíodh déanta ag an gcuid eile de’n bhliain.
I gcaitheamh na sé mblian a thugas sa Choláisde sin bhínn ag machtnamh go minic ar na coláisdíbh úd a bhí i n-Éirinn i dtosach aimsire. Ní bhíodh aon tighthe breaghtha móra slinne an uair sin ag múinteóiríbh ná ag macaibh léighinn. Is amhlaidh a bhíodh a thigh beag féin ag gach aoinne, tigh beag deas clúthmhar agus díon maith tuighe air agus gan de thriosgán istigh ann ach an bórd agus an leabaidh agus cúpla cathaoir b’fhéidir, agus an tinteán. Innstear dúinn gur ghnáth leis na macaibh léighinn bheith ag dul amach mór-thímpal ar