122
Taḋg ann a inntinn féin, “ṫusa! a ċorpáin air mo ṁuin,” ar seisean “mbéiḋ tu sásta má ċuirim ann so ṫu,” aċt níor ḟreagair an corpán focal. “Is cosaṁlaċt ṁaiṫ é sin,” ar Taḋg ann a inntinn féin, “b’éidir go ḃfuil sé ’g éiriġe ṡocair,” agus sáiṫ sé an spád síos annsa’ dtalaṁ arís. B’ éidir gur ġortaiġ sé feóil an ċuirp eile, mar ṡeas an fear marḃ do ḃí curṫa, suas annsan uaiġ, agus ċuir sé géim fíor-áiḋḃeul as, “hu! hu! hu! imṫiġ! imṫiġ! imṫiġ! no is fear marḃ, marḃ, marḃ ṫu!” agus ṫuit sé air ais annsan uaiġ arís. Is minic duḃairt Taḋg o ṡoin gur b’é sin an rud do ḃ’áiḋḃéile dena rudaiḃ ionġantaċa do ċonnairc sé an oiḋċe áiḋḃeul sin. Ṡeas a ġruag mar fionna muice air a ċeann, riṫ an t-allus d’á eudan, agus ṫáinig craṫaḋ air a cná- ṁaib arís, gur ṡaoil sé go dtuitfeaḋ sé. Aċt d’éiriġ sé níos dána nuair ċonnairc sé an dara ċorp ’nna luiġe go socair, agus ċaiṫ sé an ċréafóg asteaċ air arís, agus rinne sé sleaṁain os a ċionn í, agus leig sé na leaca arís go cúramaċ mar ḃí siad roiṁe sin. “Ni féidir go n-eireóċaiḋ sé arís,” ar sé. Ċuaiḋ sé síos an ċosáin do ḃí i lár an teampoill, no go raiḃ sé ceiṫre