do na líonta, agus an tslí iṫid na madraí éisc agus na cailleaċa breaca an t-iasc as an líon.
Dúirt aṫair Ṁicilín go raiḃ trí ṁíle gaḃar sna líonta acu maidin agus go raiḃ greim bainte as gaċ aon ċeann riaṁ acu ag na madraí.
Ní dóċa go dtugadar féin fé ndeara in ao’ ċor é, aċ ní raiḃ aon ċaint acu aċ ar ċailleaċa breaca agus ar ġaḃair agus ar ṁadraí agus ar ṁuca agus ar ainṁiṫe eile. Naċ ait é go ḃfuil gaċ aon ainṁí riaṁ acu sa ḃfarraige.
Ḃíos faid gaċ ’nḟaid fén seol agus sa deireaḋ ní ḟéadfainn foiḋneaṁ a ṫuilleaḋ agus ċuireas amaċ mo ċeann. Ḃí sé naċ mór dorċa. Ḃí drom an trír liom agus b’é Donnċa Ṗeig ba ġiorra ḋom.
Ḃíodar ag tarraing leo agus ag caint, agus Donnċa ag cur as ag cáineaḋ duine éigin, agus an-ṡult ag an dtriúr á ḃaint as an scéal.
Ní ḟéadfainn foiḋneaṁ a ṫuilleaḋ. D’éiríos go ciúin amaċ ón seol agus ḃíos ag láṁncán liom siar go raḃas buailte le drom Ḋonnċa. Ansan rugas go hobann isteaċ fé ḃun a easnaċa air agus dúras—“Gur-r-r-r-!”
Ḃuel! mura mbeaḋ agat aċ aon ġáire aṁáin ċaiṫfeá é ḋéanaṁ fé Ḋonnċa Ṗeig. Ṫit an dá ṁaide ráṁa uaiḋ agus ċuir sé béic as.
“I gcuntas Dé na ḃfeart!” ar seisean. agus ansan ċaiṫ sé é féin ar ḃior a ċinn siar fén dtoċta go raiḃ aṫair Ṁicilín ina ṡuí uirṫi. Stad an ḃeirt eile, leis, den ráṁaíoċt. Ḃain aṫair Ṁicilín Fír na Croise ḋe féin.