Nuair a ḃí na líonta bordálta d’imiġ Donnċa Ṗeig aḃaile d’iarraiḋ treaḃsair iascaiġ agus lón bíḋ i gcoṁair na hoíċe.
Ċaiṫ Taḋg Óg an seol isteaċ i dtosaċ na naoḃóige, agus, tar éis an naoḃóg a ċeangal den ḃfáinne iarainn, d’imiġ sé féin agus aṫair Ṁicilín aḃaile d’iarraiḋ culaiṫ iascaiġ agus lóin.
Ḃí an ġrian imiṫe síos agus daṫ an ċopair ar an spéir go léir ṫiar. Ḃí an ḟarraiġe ar nós ruda a ḃeaḋ ina suan, agus a huaċtar mar a ḃeaḋ gloine le sleaṁaine. Ḃí gaċ aon rud ċoṁ ciúin sin go dtiocfaḋ saġas uaignis ort, aċ níorḃ aon uaigneas é gur ṁait leat dul uaiḋ, aċ is aṁlaiḋ d’ḟanfá id ṫost gan corraí.
Níor ċorraíos féin go ceann i ḃfad, aċ ḃíos ag iarraiḋ go ḃfeicfinn Tír na nóg ṫiar ar fad sa ḃfarraige, aċ ní ḟacas.
Taḋg Óg adúirt liom go ḃfuil sí ann, agus gur ċait Oisín trí ċéad blian inti gan aon lá aoise a ṫeaċt air. Dúirt Niaṁ Ċinn Óir leis gan dul ṫar n-ais go hÉirinn níos mó.
Aċ ṗrioc an mí-ḟortún é go dtiocfaḋ sé ag féaċaint na sean-ṁuintire, agus ní túisce ċuir sé a ċos ar ṫalaṁ na hÉireann ná ḋein sean-duine ḋe, agus cailleaḋ ina ḋiaiḋ san é.
Nárḃ é an t-amadán é Oisín nár ḟan mar ḃí aige. Iomarca teaspaiġ is dóċa.
’Ḟaid a ḃíodar na hiascairí ṫuas i measc na dtiṫe, a ḋuine, ṫáinig an-ċuiṁneaṁ dom go raġainn féin ag iascaċ leo an oíċe sin. Ní