gaḃáil timpeall ar an bpolla ḋóiḃ ní ḟágfaḋ aon ċeann acu slí dá ċéile agus, slán mar a n-instear é, ċuaiġ an dá naoḃóig in aċrann ina ċéile. D’éiriġ an dá ċriú ċun a ċéile agus ċeapas féin go mbeaḋ duine éigin báite. Níor báṫaḋ, áṁ, mar ḃailiġ na naoḃóga eile isteaċ orṫu agus stopadar iad. Aċ ḃí deireaḋ leis an rás.
Nuair a ṫáinig Maiḋc Mór isteaċ dúirt sé gurḃ iad an ṁuintir eile a ḋein an feall. Dúirt luċt na naoḃóige eile gur d’aon gnó a ċuaiġ muintir Ṁaiḋc ceangailte iontu féin nuair a ḃíodar ‘béiteálta’ acu. Ċreid gaċ dream istiġ a muintir féin agus ba ġearr go raiḃ an slua go léir ag áiteaṁ ar a ċéile.
“Op Maiḋc Mór!” arsa duine.
“Nárab ea,” arsa gligín eile, “aċ op Cuas a’ Ṗortáin!”
Má ḃí argóint ann roiṁ an rás níorḃ aon ní é seaċas an gíotam a ḃí ar siúl ina ḋiaiḋ.
Ḃí na mná féin corraiṫe go mór, agus ba ḋóiġ leat ar an gcaint a ḃí acu gurḃ é a gcúram riaṁ ḃeiṫ ag tarraing naoḃóige-gaċ bean acu ag loċtú buillí ráṁa na ḃfear i naoḃóig an té ḃíoḋ ag caint léi.
Ḃí na mná ċoṁ húdarásaċ ina gcuid eolais le Sean-Ḋiarmaid Buí a ċaiṫ trí fiċid blian dá ṡaol i dtóin naoḃóige.
Tar éis ár bpingní deiriḋ a ṫaḃairt ar ṁilseáin i gcoṁair an bóṫair, d’imíos féin agus Micilín aḃaile.