Jump to content

Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/81

From Wikisource
This page has not been proofread.
75
MEIṪEALL NA MÓNA

Ḃí an citeal beiriṫe nuair a ṫángas, agus ḃí cuid de ṁuintir an ḃaile ag teaċt. Ṫáinig Taḋg Óg, leis. Ḃí pící acu ar fad. Ċeangail m’aṫair na pící go léir, agus trí sleánta, trasna ar ṡáilíní na cairte, agus ċuir sé beart d’ḟéar ġlas as an móinéar isteaċ inti.

D’iṫeadar go léir bricfeast—ní raiḃ slí timpeall an ḃoird in ao’ ċor dóiḃ. Gaḃaḋ an capall ansan agus as go bráċ leo agus iad caite i dtoll a ċéile sa ċairt, agus na Pící agus na sleánta ag gliogarnaiġ.


Nuair a ḃíodar imiṫe do ċuir Mam faoḃar uirṫi féin. B’éigean dom cliaḃ d’ḟáil di agus féar. Ċuir sí crúsca mór cré Ḃeit Móire síos sa ċliaḃ agus féar fé agus timpeall air. Ċuir sí an citeal isteaċ i mbosca, agus stán an ġleoiḋ Ṁáire Aindí agus é lán de leaṁnaċt, agus an t-im, agus sceana, agus cúpla spúnóg, agus oċt gcinn de ṡáspain. agus punt de ṫé, agus laḋar siúcra; agus ṫug sí ḋom oċt n-únsaí tobac do na fearaiḃ a ḃí sa ṁeiṫill. Ċuir sí an t-arán go léir i mála agus do ḃuail isteaċ sa trucaill é.

“Sea ’nois,” ar sise, “ná bíoḋ sé den mí-ḟortún ort aon rud a ċailliúint ar an mbóṫar; agus ná caiṫ an lá ar an mbóṫar nó maróiḋ na fir tú. Sea, suiġ isteaċ anois.”

Ṡuíos, de léim. “Ha amaċ!” arsa mé leis an asal. Ṫug sé léim, agus, dar fia! siúd lem ċuid sáspan amaċ ar an mbóṫar.

Ċuaiġ an t-asal i ḃfad sar ar ḟéadas é stop. Sin cleas aige. Ḃeaḋ sé ag imeaċt leis agus