Caibidil IX
Jimín agus an ṁeiṫeall ag baint na móna.
Tá cloig ar mo láṁa, agus mé buí ón ngréin, agus an craiceann dóite ag imeaċt dem ṡróin mar ḃeaḋ craiceann práta ḃeaḋ ró-ḃeiriṫe. Agus tá mo ċnáṁa ċoṁ tinn sin naċ maiṫ liom cor a ċur díom.
Ar meiṫill na móna d’imiġ sé seo ar fad orm. Dar muige! má tá gaċ éinne ḃí ar an meiṫill ċoṁ tuirseaċ agus táim-se—ní foláir nó táid siad mí-ḃuíoċ don té ċeap móin ar dtúis.
Againn-ne ḃí an ṁeiṫeall, agus coimeádaḋ mise sa ḃaile ón scoil ċun an t‑asal a ṫiomáint go dtí an portaċ leis an mbia. Ar feaḋ trí lá roiṁ lá na móna ḃíomar aġ ullṁú. Ḃí Mam ag déanaṁ cístí aráin: agus ċoinniḃ sí ċeiṫre puint ime ar leiṫliġ; agus ċuir sí mise go tiġ Ḃeit Móire agus Ṁáire Aindí ċun an crúsca mór cré d’ḟáil ó Ḃeit, agus crúsca mór stáin ó Ṁáire.
Ḃí glór breá ag an gceann stáin nuair a ḃíos á ḃualaḋ le smut de ṁaide; agus leis an nglór ní ċualas Mam á rá liom stad, go dtáinig sí ar mo ċúl agus go dtug clouta sa leaṫ-ċeann dom.
73