seaċtain. agus féaċ! ní ḋéanfaḋ Mam gáire ná muintearṫas liom. Cad a ḋéanfad in ao’ ċor má ḟanann sí mar seo. Beiḋ mo ċroí briste. Tá sí ró-ḋian ar fad ar ḃuaċaill boċt.
Tá’s agam-sa cad a ḋéanfad léi. Imeod uaiṫi. Éalóiḋ mé amaċ an doras agus suas an cnoc—suas, suas, suas imeasc na ḃfaillte, agus raġad isteaċ i bpluais ann, agus bead go brónaċ agus go huaigneaċ, agus tiocfaiḋ Mam am lorg agus beiḋ sí ag glaoċ orm, aċ ní ṫaḃarfad aon ḟreagra uirṫi agus imeoiḋ sí go brónaċ ag gol agus í ag lorg Jimín ḃig ṁaiṫ.
Agus beiḋ mé gaċ aon oíċe ag féaċaint síos ar an solas inár ḃfuinneoig-na agus beiḋ ’ḟios agam go mbeiḋ Mam ag gol in aice na tine nó ina seasaṁ sa doras féaċaint an mbeinn-se ag teaċt.
Aċ fanfad-sa sa ṗluais ar an gcnoc agus mo ċroí lán de ḃrón, agus beiḋ an bás ag teaċt ċugam gaċ aon lá agus ansan tógfad amaċ an smut cailce seo im póca agus scríoḃfad ar ṫaoḃ na leice ḃeiḋ im aice:—
- “Siad so cnáṁa Jimín a fuair bás
- san áit seo agus a ċroí briste
- toisc ná laḃarfaḋ Mam leis.”
Agus tar éis bliana ġeoḃaiḋ siad mo ċnáṁa agus taḃarfaiḋ siad aḃaile iad go dtí Mam, agus beiḋ Mam ag gol agus ag bualaḋ a bas agus déarfaiḋ sí: “Ó ṁuise! cad ina ṫaoḃ nár laḃras lem Jimín beag féin agus gan a ċroí a ḃrisead. Oċon! Oċon!”
c