a ṫug aḃaile ċuige é. Ansan ṫug gaċ éinne aġaiḋ ar a ṫiġ féin agus fuadar ocrais fé.
Aċ, an dtuigeann tú, ní raiḃ aon ḟuadar fúm-sa ċun an ti. Ḃí droċ-iontaoiḃ agam as an ḃfáilte a cuirfí roṁam.
Ṫugas fuaṫ ḋon ḃaile. Ṫuigeas, tá’s agat, go raiḃ Mam ag feiṫeaṁ liom ann agus go mbeaḋ sásaṁ uaiṫi i ngúna Ċáit, agus i gcasóig mo Ḋaid Ċríona, agus sa hata ċaroline; agus dúrasliom féin gurḃ é mo leas Mam a ṡeaċaint i láṫair na huaire sin, agus b’ḟéidir le himeaċt aimsire go dtiocfaḋ sí ċun cainte liom arís.
Suas go tiġ Ṁáire Aindí ċuas. Ní ḟeadfainn dul gan ḟios do Ṁam go dtí an stábla ċun mo ċuid éadaiġ féin d’ḟáil.
Ḃí an t‑ocras ag gaḃáil díom go géar agus ḃí súil agam, tá’s agat, go ḃfaiġinn píosa de ċíste Nollag ó Nell. D’íosainn píosa mór de ċíste an uam ċéanna.
Ḃí Nell istiġ agus Máire Aindí agus Taḋg Óg. Nuair a ċonaic Taḋg an ċulaṫ fós orm ṫáinig fonn magaiḋ air.
“Déanfaiḋ sé seo Dreoilín go hoíċe ḋe,” ar seisean.
“Naċ agat atá an cion ar ḃalcaisí do Ḋaid Ċríona?” arsa Máire Aindí, agus ḃí sí ag gáirí.
Rug Nell ar an hata agus do ċuir ar a ceann é. ’Om briaṫar! níor oir sé go holc in ao’ ċor di.
“Tr’om an ċasóg, leis,” ar sise, agus ḃain sí ḋíom í agus ḃí á cur uirṫi.