Sé ḋeineas sa deireaḋ ná an ċuid eile a ċur go dtí an tiġ agus fanúint mé féin sa ḃóiṫrín. Ḃí seans go ḃfaiġidís scilling ó Ṁam mura ḃfeiceaḋ sí mise ina dteannta.
Ḃuel! a ḋearṫáir, is maiṫ a scaras leis agus gan dul leo. Ċonaiceas iad go léir ag dul an doras isteaċ agus na gléiseanna ceoil ar séideaḋ acu.
Níorḃ ḟada, áfaċ, gur stad an ceol go hobann agus ċonaiceas ag brú a ċéile sa doras arís iad d’iarraiḋ teaċt amaċ. Stadadar taoḃ amuiġ agus ḃíodar ag féaċaint an doras isteaċ ar rud éigin a ḃí ar siúl istiġ aċ ní leoṁfaḋ éinne ’cu dul ró-ġairid don doras.
“Mam arís, déarfainn,” arsa mise, agus ṫugas mo ḃuíoċas do Ḋia gur ḟanas óna crúcaí.
Níorḃ ḟada ḋom go ḃfacas mo ḋuine, Taḋg Learaí Ḃig, ag teaċt an doras amaċ ċun na coda eile agus dóbair go dtitfinn nuair a ċonaiceas an íde ḃí air. Ní raiḃ d’éadaċ ná de ċulaiṫ an Dreoilín air aċ an méid nár le Cáit seo ’gainn-ne.
Aon lá dá ċuiṁne ní ṫáinig dom, agus mé ag cur na coda eile go dtí an tiġ, go n-aiṫneoḋ Mam gúna Ċáit ar Ṫaḋg.
Ḃí Taḋg ag pusaíl ġoil agus a láṁ trasna a ṡúl aige leis an náire. Ḃí trua agam dó aċ, ar ṁ’ḟalaing, nuair ċonaiceas an ḃreill a ḃí air agus an dá ḃróig ṁóra á dtarraing ina ḋiaiḋ aige ag teaċt ċugam sa ḃóiṫrín, níor ḟéadas gan ḃeiṫ ag gáirí. Nuair ċonaic Taḋg mé ag gáirí ṫáinig olc air.