Caibidil VI
Lá an Dreoilín
Nuair a ḃí an dinnéar caite agam Lá Nollag ċuas ar lorg Ṁicilín Eoin. Ṫugamar tamall ag caiṫeaṁ caiḋtí agus tamall eile ag caiṫeaṁ tobac as ṗíopa a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a aṫar.
Nuair a ḃí an tobac caite againn ḃíomar ag iarraiḋ cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaimis.
Ḃíomar i ḃfad ag cuiṁneaṁ ar rudaí aċ ceann acu ní raiḃ ċun ár sásaiṁ. Sa deireaḋ d’éistíomar ar fad. Sin é an uair a riṫ an rud im aigne féin.
“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, “’ḃfuil ’ḟios agat cad é?”
“Cad é?” arsa Micilín.
“Bíoḋ Dreoilín amáraċ againn!” arsa mise.
“Hanaman diucs, bíoḋ!” arsa Micilín, agus an dá ṡúil ag dul amaċ as a ċeann. “Agus bead-sa im amadán.” (Sin é an fear go mbíonn an loṁnán gaoiṫe aige sa Dreoilín, tá’s agat, agus é ag bualaḋ gaċ éinne leis).
“Bead-sa im ċaptaen,” arsa mise.
“Agus cé ḃeiḋ ina óinsiġ?” arsa Micilín.
41