bri ann aċ ċoṁ beag agus dá mbeaḋ sé marḃ.
’Om baice ḃíos ag breiṫ ċugam ar eagla go gcaillfí é, agus níorḃ ḟios dom cad a ḋéanfainn. Ċuala Daid ag teaċt ó ċró na mbó agus ċuireas díom isteaċ. Nuair a ċonaic Daid an gandal do stad sé agus ḃí sé ag caint leis féin.
“Dar mo ḃriaṫar aċ go ḃfuil sé seo ina ‘ċocstí’!” ar seisean. “A Jimín,” ar seisean ag glaoċ.
Ḃíos-sa ag scuabaḋ an urláir ar séirse. Ṫángas ’on doras.
“Cad do ḋeinis leis an ngandal so?” arsa Daid.
Ṫáinig stad ionam féin. Níor ṁaiṫ liom ḃeiṫ ag ceilt na fírinne maidin Lae Nollag. D’inseas an scéal ina ċoda beaga do Ḋaid. Ċonaiceas air go raiḃ sé mí-ṡásta liom.
“Díolfaiḋ tú as na clis lá éigin, a ḃuaċaill,” ar seisean. “Is dóċa gur tú a ċuir deireaḋ leis an gcat so againn-ne, leis, i bPoll a’ Lín ṫíos.”
Ċeapas go dtitfinn as mo ṡeasaṁ. Ṁeasas ná raiḃ ’ḟios ag éinne beirṫe é. Ḃíos maol-ċluasaċ go maiṫ ansan adeirim leat. Ṁeasas dar ndóiġ go ’neosaḋ Daid an scéal do Ṁam. D’imíos Liom go dtí an tAifreann. Le linn an Aifrinn d’iarras ar Ḋia mé ḃreiṫ saor ón olc a ḃí ag bagairt orm.
Nuair a ṫángas aḃaile ón Aifreann ḃí an gandal in aice na tine ag Mam agus an t‑anam ag teaċt arís ann.