dúirt sí a ḃí déanta aici—cístí beaga uaċtair agus crústa siúcra orṫu.
Fuaireamar im sa ċupard agus ċonac-sa próca mór de ṡuḃ a ḃí ann agus clúdaċ páipéir ceangailte go daingean ar a ḃarr. Ġearras an ceangal go haiclí agus deirim-se leat gur ḃaineamar súlaċ as na rudaí ar fad. Fé mar iṫimis greim aráin ṫógaimis lán spiúnóige den tsuḃ!
Nuair a ḃí ár ndóṫain ite againn ḃí an suḃ i ḃfad síos sa ṗróca, aċ ċeanglaíos-sa an páipéar go haimí arís air agus ċuireas ṫar n‑ais sa ċupard é mar ḃí sé ċeana. Is mór an trua ná bíonn Mam sa Daingean gaċ aon lá.
Fuaireas féin casúr ansan agus tairní beaga agus ḃí Cáit ag sínoaḋ eiḋneáin agus cuilinn ċugam. Ċuireamar timpeall na ḃfuinneog é agus ar ḃarr an driosúir agus os cionn na tine.
Ḃíoḋ sé deacair é ċeangal in áit ná bíoḋ aḋmad, agus ċaiṫinn tairní móra a ṫiomáint sa ḃfalla. Ṫiteaḋ scailpeanna den ṁoirtéal anuas uaireanta.
Nuair a ḃí an tiġ críoċnaiṫe againn rugamar ar “Sailor”—sin é an madra, tá’s agat—agus ċlúdaíomar ó ċeann go heireaball é le cuileann agus ḃí an-spórt againn air.
Nuair a ṫáinig an tráṫnóna lasamar an lampa. Ḃí cuma aeraċ ar an dtiġ.
Ḃí an oíċe ann nuair a ṫáinig Mam is Daid aḃaile. Nuair a ṫáinig Mam isteaċ ṁeasamar