maiṫ” orm agus á rá go ḃfaiġinn féirín uaiṫi i gcoṁair na Nollag.
Ḃíos-sa á ligean orm ar dtúis ná tabarfainn di é aċ mar sin féin, nuair scaoileas an beart sa ḃaile ṫugas cúpla craoḃ ċuilinn anonn ċuici. Táim an-ṁór le Nell, tá’s aġat.
Ḃí sceitimíní ar Ċáit nuair a ċonaic sí an t-ualaċ mór a ḃí agam an doras isteaċ. “Ó!” ar sise “beiḋ an tiġ go gleoite anois againn;” agus ḃí sí ag féaċaint ar na caora dearga a ḃí ar an gcuileann agus í ag rince timpeall an urláir. “Ó! naċ gleoite iad? ” ar sise. “A’ ḃfeacaís riaṁ aon daṫ dearg ċoṁ deas leis?”
Mar sin a ḃíonn Cáit i gcónaí, mura ḃfeiceaḋ sí aċ neoinín nó pósaí-bó-ḃleaċt. Ċloisfeá na cailíní go léir mar sin, a ḋuine, le gaċ aon tsórt ní.
Ḃí ocras orm féin. “Caiṫ uait na céapars sam,” arsa mise, “agus tr’om rud éigin le n-iṫe.”
“Ó! mo ḋearmad!” arsa Cáit, agus ṫug sí cogar dom. “Ní ċuirfeá amaċ cad tá agam duit?”
“Cad é?” arsa mise.
Do ġáir sí. “Ní ’neosad duit é,” ar sise, “mar do scéiṫfeá orm le Mam.”
“’Om briaṫar ná scéiṫfead, a Ċáit! arsa mise.
“Maróiḋ sí mé i dtaoḃ an tsiúcra!” arsa Cáit.
“Ariú cad é an siúcra?” arsa mise.
“Agus mar ġeall ar an uaċtar!” ar sise.