Ní hiad na bróga leag in ao’ ċor mé aċ an craiceann tubaisteaċ; aċ ní hé sin adúirt gaċ éinne a ċonaic mé aċ gurab aṁlaiḋ ná raiḃ taiṫí ar ḃróga agam, agus ḃí Micilín féin ag gáirí.
Ḃíos ċun iarraċt den ḃróig a ṫaḃairt dó nuair a ċuala ḋá raispín de ḃuaċaillí an Daingin ag gáirí fén gcábóig tuaṫa gur leag na bróga nua é. Ḃí olc agus crá croí orm féin agus dá ḃrí sin ṫugas dorn sa ṗus do ḋuine acu.
Ṫug an ḃeirt acu-san fúm-sa aċ leag Micilín duine acu, agus riṫ an dara duine acu uaim féin. Ḃíodar an ċuid eile den tráṫnóna ag faire orainn agus ag taḃairt ‘cábóg’ agus rudaí eile orainn, aċ ní ṫiocfaidís i ngiorraċt fiċe ráṁan dinn, mar ḃíomar fara Daid agus mo ṁáṫair.
Ḃí sé déanaċ nuair ṫángamar aḃaile an oíċe sin. Do ḃí an-ṁisneaċ ar m’aṫair tar éis an lae agus ḃí sé á rá gur ṁaiṫ an saol a ḃí ann, agus gur ṁaiṫ an buaċaill Jimín agus ná raiḃ aon ḃean in Éirinn ab ḟearr ná Mam. Do ḃíoḋ sise á rá leis éisteaċt ar eagla éinne á ċlos.
Ṫugas milseáin agus úll go dtí Cáit agus ḃí ana-ṡaol againn á n‑iṫe agus d’inseas di mar ġeall ar an aonaċ, agus ar an nDaingean agus na rudaí deasa a ḃí ann.
****
Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is baol go ḃfuil deireaḋ leis an saol so aige. Cad a ḋéanfad má ġeiḃeann Mam fios an scéil.