Ní ḃfaiġfeá aon tsásaṁ as bróga mura mbeaḋ cead agat siúl trí lár an uisce leo.
Ní raiḃ ’ḟios ag mo ṁáṫair inné cad ina ṫaoḃ go raiḃ mo stocaí ar fad fliuċ. Ḃí sí á rá gur droċ-leaṫar a ḃí sna bróga.
Ní ḟaca sí mise in ao’ ċor ag iarraiḋ an mála a ṫarraing isteaċ as Poll a’ Lín ṫíos ar maidin le maide féaċaint conas a ḃí an cat a ċuireamar isteaċ ann inné roiṁe sin.
Ċuas ró-ḟada amaċ ar an ḃfaoḃar, a ḋuine, agus d’imiġ an ċos uaim agus ba ḋóbair doṁ-sa dul in éineaċt leis an gcat, aċ go rug Micilín Eoin orm agus gur ṫarraing aníos mé.
Nuair ṫugamar an cat isteaċ ḃí sé marḃ. Dúirt Micilín go dtiocfaḋ an t‑anam arís ann mar gurb ’ṡin nós ag cataiḃ—éirí ón mbás naoi n‑uaire. Sin é cúis gur ḃáiṫeamar é, tá’s agat—féaċaint an éireoḋ sé arís.
Má ḟanann sé marḃ beiḋ raic sa tiġ seo ’gainn-ne, mar ’sé ár gcat-na é, agus tá Mam tosnaiṫe ar ḃeiṫ ag cur a ṫuairisce. Bím ag dul síos ċuige go minic ó ṡin féaċaint an mbeaḋ aon ċorraí ann, aċ ’om briaṫar go ḃfuil sé ina stalcaḋ gan anam.
Ḃíos á ṗriocaḋ agus dúras “Ḃuis, ḃuis, ḃuis!” leis, aċ ní raiḃ aon ċorraí as. Féaċ, mura mbíonn sé ina steille-ḃeaṫaiḋ amáraċ caiṫfiḋ Micilín a ċat féin a ċur sa ṁála agus é ḃáṫaḋ i bPoll a’ Lín.
Aċ ag tagairt don aonaċ—ḃí an-lá agam ann. Ḃí sé le fada geallta ḋom go ligfí ann mé aġus ḃíos ag coimeád na bpingní ina ċoṁair