Ṫuigeas gur ṁaiṫ an ċoṁairle í agus ḃí mo stropa ullaṁ agam nuair a ḃuaileamar taoḃ na leice.
Nuair a ċonaiceamar an baile go léir roṁainn sa ċuas ḃí iontas orainn cad a ṫug ann iad. Aċ nuair a ċonaiceas féin Mam ina seasaṁ ar an leic ṫuigeas go maiṫ cad a ṫug í sin ann. Níor ṫaiṫniġ a scéiṁ liom, agus ba ḃeag liom mar ċosaint na maircréil. Ḃíos ag cur uaim, a ḋuine; aċ ṗreabas as an naoḃóig agus ċuas féna déin. Do ṡíneas ċuici an stropa éisc agus mé ar criṫ.
“Ċugat féin a ṫugas iad, a Ṁaimí,” arsa mise; aċ, a ṁic ó, ’oiread agus féaċaint ní ṫug sí orm aċ ċoṁ beag agus ná beaḋ ionam aċ porṫán trá. Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire niar ḃí an baile go léir ag féaċaint orm. In ionad aon toraḋ a ṫaḃairt orm-sa ḋíriġ Mam ar luċt na naoḃóige.
“Bail ó Ḋia oraiḃ-se, a ḟeara,” ar sise: “is tuisceanaċ agus is nádúrṫa na coṁarsain siḃ. Is maiṫ an aire a ṫugaḃair go mbeaḋ m’aigne-se ar a suaiṁneas ar feaḋ na hoíċe aréir. Táim buíoċ díḃ, a ḟeara,” ar sise, “agus gan a ḟaid sin de luíoċán na bliana oraiḃ.”
D’iompaiġ sí de scuaib ċun dul aḃaile ansan.
Ṫáinig an scéal ċoṁ mór san gan ċoinne orṫu go raḃadar ansan ina stalcaḋ, balḃ. Níor ṁaiṫ liom í á ndaoraḋ san éagóir.
“Níl an cearṫ agat ċuca, a Ṁaimí,” arsa mise, “Ní raiḃ ’fios acu go raḃas——”