Jump to content

Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/75

From Wikisource
This page has been proofread.
71
THE GAELIC JOURNAL.

“Gan aṁras, a ċoṁarsanna, is breaġ an oiḋċe í ċum fáilte ċur roiṁ an sagart óg ó’n Spáinn.”

“Is breaġ go deiṁin,” ars iadsan.

D’ḟaireadar an cuan go geur mar tugaḋ raḃaḋ ḋóiḃ go raiḃ buiḋean Ġallda air tí an t-sagairt do ġaḃáil.

“Mo ċoṁairle do’n dríodar[1] so Ḋroma Móire fanaṁaint ’na leabṫaċaiḃ anoċt,” ar Diarmaid.

“Tá nóċt[2] ort do ċlaiḋeaṁ a noċdaḋ, a Ḋiarmaid,” ar fear aca.

“Tá, ⁊ é ċur i n-uċt éigin anoċt,” ar fear eile.

“Is fearr maiṫeaṁnas ⁊ macántaċt ná fearg ⁊ fuil,” ar seanóir a ḃí ’n-a measg. “Cloisim,” ar sé fós, “go ḃfuil droċ-ḟuadar faoi an dream so áiriġṫe aċt tá súil agam go mbeiḋ síṫ ⁊ sólás againn ’nuair ṫiocfaiḋ an sagart ċugainn ⁊ go gcuirfear deireaḋ le himreas. Do ḃ’ḟeárr dúinn ar gcoróin do ġaḃáil annso air ġaineaṁ na tráġa ó támaoid i dteannta ċéile.”

“Sud leat,” ar gaċ duine aca ⁊ air ḃruaċ na fairrge, faoi an speur réaltanaċ, d’ḟosgail gaċ fear aca a ċroiḋe ċum Dé.

An uair do ċríoċnuiġeadar na hurnaiġṫe, duḃairt Diarmaid gur ṁoṫuiġ sé ualaċ ag imṫeaċt dá ċroiḋe.

Ḃí an oiḋċe i gcaiṫeaṁ aċt níor ṫáinig an sagart ⁊ ḃeartadar filleaḋ a ḃaile.

“Éist!” ar Diarmaid, “ṡaoileas gur ċualas brosnaḋ[3] ag cnagaḋ[4] ’dtaoiḃ ṫall de’n tsruṫ soin.”

“Níor ċualamair aon níḋ,” ar gaċ duine, “aċt gíogaillig[5] eunlaiṫe na mara.”

“Níor ṁeaṫ mo ċluas riaṁ fós orm,” ar seisean, “⁊ beiḋ ḟios agam cad atá ann.”

Faoi ċeann nóimit do ċualadar fuirseaḋ i measg na nduilleaḃar ⁊ duine éigin a nguais a ṫaċta. An uair do ṫángadar air láṫair ḃí fear air ċúl cinn ag Diarmaid ⁊ é ag roraḋ[6] a ṡróine faoi uisge.

“Eidir tu a’s Dia ná múċ an fear,” ars an seanóir.

“Ḃfuil ḟios agat gurab é seo Maor Buiḋe Ḋroma Móire? Ḃí sé ag faire oraiḃ ar feaḋ na h-oiḋċe,” ar Diarmaid go míċeudfaḋaċ.[7]

“Ná bac sin dé,” ars an seanóir, “maiṫ i n-aġaiḋ an uilc,[8] a Ḋiarmaid, a ċroiḋe!”

“Bíoḋ a ḃeaṫa leis ar son do guiḋe, a ḃrealláin,” ar Diarmaid, “aċt seaċain do ċeann liaṫ air, mar atá sé ċoṁ fealltaċ le sionnaċ, ⁊ ċoṁ fuilteaċ le h-easóig uisge.”


(To be Continued.)


POPULAR PROVERBS, WEST CONNAUGHT.


1. Faġann ciaróg ciaróg eile.

2. Dá ṁince ṫéiḋeanns an crúisgín go dtí an tobar, bristear é air deireaḋ.

3. Tobac ’ndiaiḋ bíḋ, is air ḃean an tiġe atá sin.

4. Ní’l ḟios ag éinneaċ cé ’n áit a ġoilleanns an ḃróg, aċt an té atá ġá ċaiṫeaṁ.

5. Is iomḋa sórt ceól, mar duḃairt an fear a raiḃ an trompa maide aige.

6. Is cosaṁlaċt droċ-aimsire, tóin an ċait leis an teiniḋ.

7. An té naċ ḃfaġann an ḟeóil, is mór an sóġ leis an anḃruiṫ.

8. ’Siad na daoine boḋra a ġníḋeas na bréuga.

9. Bíḋeann bolg le gréin go minic folaṁ.

10. Is furas fuil do ḃuaint as cúl carraċ.

11. Ná corruiġ é, mar duḃairt an ḃean ḟalsa leis an bpota bréun.

12. Táir ċoṁ bréugaċ leis an ḃfear aduḃairt gur ċuala sé an féur a’ fás.


  1. Dregs, refuse.
  2. noċt = mian, desire.
  3. Brushwood, firewood.
  4. Breaking: cnag, a blow.
  5. Cackling.
  6. Plunging.
  7. Vexed, annoyed.
  8. Good in return for evil (proverb)