ag mo ṡinnsearaiḃ roṁam ar feaḋ míle bliaḋan:” nar ḋíṫlaṫairiġ sé mé le neart dliġṫe na ngall? Níor ḃeag ḋó sin, aċt ṁeas an fear gáirseaṁail mo ḃean ḃanaṁail do ḟuadaċ. Ḃris an masla sin ⁊ easbaiḋ an Droma ṁóir a croiḋe glan, aċt do ḃriseas-sa a ċliaḃ i n-díoġail. Beaṫaḋaċ allta ar fud na g-cnoc, coṁarsa an ḟiolair ⁊ an t-seaḃaic; aċt go h-áiriġṫe ċoṁ saor leis an ngaoiṫ a ṡéideann timċeall Mullaig an aitinn. Do ḃeaṫuiġeas mé féin ⁊ an inġean ar maoin an Oirpínig. Canaṫaoḃ ná deunfainn? Nár ḋein Cit cam-ṡúileaċ Oirpin a nead san ndrom mór im’ ionad, aċt do ḋeuinas-sa nead do Risdárd—sé troiġṫe de ḃán an teampuill ġallda. Eísṫ! saṁluiġim go g-cloisim rud éigin. Do taiḋḃreaḋ[1] ḋam go raiḃ Cit ag teaċt trasna Bearna an Ġearráin, ċum feíll do ḋeunaṁ orm; brionglóid ḃreugaċ do ba eaḋ í, mar ṫáinig sé isteaċ ’san ngleann ṫríd an mbeárnain eile gan ḟios dam. Denfad faire níos géire arís ort, a Ċit, ⁊ ní raġaiḋ ṫ-aisdear go maiṫ duit, mar fágfad-sa do ċorp ins an Ċúm ag seaḃaic na sléiḃte.” Do ġíosg sean-ṫuisleaḋ an doruis, óir do ḋruid duine ó’n d-taoḃ amuiġ é. Ċoisg Diarmaid an munṁar ⁊ d’ḟeuċ sé suas. Ḃí fardoras an ḃoṫáin air lasaḋ ⁊ ḋá ṡúil urġránna ag faire air ón’d-táirsig. Riṫ an laisir ṫrí ḋíon an ḃoṫáin mar splanc[2] ṫrí ḃonnaċ.[3] Do ṗreab Diarmaid ċum na leapṫa ⁊ do sciob[4] an leanḃ ar a ḃacalainn. Ós cionn foṫruim na teine laḃair fuaim an ṗiléir ⁊ ċuir Diarmaid béic as nós tairḃ buile, nó leoṁain i líon, an uair caiṫeaṁ air a ṫár-in-áirde é. Lé prap na súl ḃí sé ’na ṡuiḋe arís ⁊ greim ar a ċloiḋeaṁ aige. Léim sé ċum an dorais. Ḃí smutáin teíntiḋe ó na taoḃánaiḃ ag tuitim air, ⁊ do ċuir fear na táirsiġe sgairteaḋ[5] gáire as an uair do ċonnairc sé folt Ḋiarmada air lasaḋ, ⁊ an deataċ á ṁúċaḋ. Do ṫarraing Diarmaid a ċloiḋeaṁ ⁊ do ḃuail go neiṁ-eaṁail. Faire go bráṫ; do ċoisg an fardoras é mar ċuaiḋ rinn an ċloiḋiṁ i n-aċrann ins an adṁad. Seaċain a Ḋiarmaid! seaċain! ċugat arís an pileur atá faoi ḋéiġin do ċroiḋe!
Faoi ċeann nóimit eile do ḃí greim ag Diarmaid air uḃall scórnaiġe an ḟir ⁊ a bróg go lasgaḋ[6] in a ċorpán. Triur! ceaṫrar! cá ṁeid eile? Do lingeadar ar Ḋiarmaid le na g-cloiḋṁiḃ. Ta an leanḃ faoi na oscuill ċlé ⁊ ní leigfiḋ sé uaiḋ í. Gearrfar na bloġaiḃ í gan aṁras. Ḃí na cloiḋṁe ag báint teine ċreasa[7] as a ċéile ⁊ Diarmaid ag dul i ndiaiḋ a ċúil ag cosg na m-béimeann. “Buailiḋ go clisde é a ḃastúna[8] meata, tá coṁaċta an diaḃail ag an méirleaċ,” ar Cit cam-ṡuileaċ. Do ċasadar air a ṫaoḃ ⁊ dtaoḃ ṡiar dé, aċt ní ḃ-fuaradar leagan air mar ḃí sé ċoṁ lúṫṁar ⁊ ċoṁ mear le fiaḋ. Faoi ḋeireaḋ, do ṁeas Cit a ḃuillecosainte do ḃriseaḋ, ⁊ ṫug breug-iarraċt faoi na ḃraġaid ⁊ fíor-iarraċt eidir a ḋá ṡúil, aċt ḃí a naṁaid ro-ġlic, ⁊ an dara nóimeat ḃí láṁ Cit ó’n riġe ḋé. Do sgread an triúr eile le h-uaṁan ⁊ do riṫeadar le fánaig ó Ḋiarmaid. Ḃí seisean tinn, tuirseaċ, ⁊ níor ḃ-ḟéidir leis iad a leanaṁaint.
Ḃí Cit sínte ’na cuid fola ⁊ d’ḟeuċ Diarmaid air go fíoċṁar. Níor ċorruig an leanḃ air a ċuislinn ċlé, ⁊ do preab a ċroiḋe le h-eagla go raiḃ sí gonta.
“A Ṁuire-ṁaṫair! tá sí marḃ,” ar sé an uair do leig uaiḋ í air an mbán. Do ḃuail sé a ḋá ḃais, ⁊ do leig liú do ċroiṫ na cnoic.
“Do ḃris Risdard Oirpin croiḋe de ṁaṫar ⁊ do marḃ pileur Ċit ṫusa. Oċón, a