Jump to content

Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/59

From Wikisource
This page has been proofread.
55
THE GAELIC JOURNAL.

Verse iii., Cloaiḋfead seal le. Mr. John Fleming explains this to mean, “I shall do odd jobs at home for my mother’s support.” Verse iv., ós díoḃ nár ṁisde:who were not wont to be slack (?) Caḋan, a wild-goose; O’Daly has caiḋin. Fiaḋán, wild, unfamiliar.

Verse v., Go mb’ḟonn, ’na mbeiḋ: a very frequent use. Go and na are compendia representing a redundant preposition which governs an oblique case of the rel., and require the enclitic form of compound verbs. Thus, fear ag a ḃfuil cleaċ ailpín, may be turned, fear a ḃfuil cleaċ ailpín aige. Verse vi., Faoi ḃuaiḃ, rich in cows, &c., an idiomatic use of . Also gann fá’n mbiaḋ=stingy about food; cur sméar fá sna brógaiḃ = grease the shoes; gad fá n-a ċom, a withe around his waist. beag, shortened for beaga by exigencies of metre. Gurḃ é, the go in gur is a conjunctive turn not found in modern written Irish, still spoken however. leaṫ, for leaṫaḋ, to wound, mutilate, slaughter (?) O’Don, Suppl. In Waterford, leaṫaḋ = famished. They say, “I’m spread wud the cowld,” meaning perished; a solecism arising from confusion with leaṫnaḋ. Go ndeaċamar, 1st pl. perf. enclitic. Pron.: gu nyeaow′-ă-mur, with accent on first syll.

Cárnaḋ, slaying. Lítis, a lily(?) Gaċ ní is geal (?)

Cloaiḋfead seal .i. go g-coṫóċaḋ sé a ṁáṫair agus go ndingneaḋ tiġeas di.

A cruinn[e]-ċioċa, Siar ag[e], for a cruinn-ċioċa, Siar ag, the e being an articulation to smooth the joining of non-coalescing elements.

This was one of the most popular of Munster songs. The incoherencies of expression, which are pointed by dashes in translation, is a noteworthy feature common to all those songs that deal with exalted phases of passion. For all that has been said to explain or amend this peculiarity, it is but a mark of the author’s vehement appreciation of his theme. Too articulate grief is open to suspicion of insincerity.

AN BUINNEAN AORAC.


FOLK-LORE OF CONNAUGHT.


DOṀNALL DUḂ AGUS BRADÁN MÓR LOĊA-RÍ.

II.

(Continued).

“Ní ṫig liom sgaraḋ leat mar sin,” ar an bradán mór, “agus saoilim gur díṫcéilleaċ an fear ṫú, aċt mar tá dúil agat fan aċt in Éirinn biḋeaḋ sé mar sin. Tá ḟios agat cé ḃfuil Dún na riġ i ngar do’n loċ?” “Tá eolas agam air, go deiṁin,” ar Doṁnall, “is iomḋa maide a ġearr mé ann.” “Má ḃiḋeann tú san dún anoċt ar uair an ṁeaḋoin oiḋċe, béiḋ mise róṁat, ⁊ cuirfiḋ mé i mbealaċ sáiḋḃris ḟaġáil ṫú; ⁊ so ḋuit domblas le cuimilt ar ṡúiliḃ t’inġíne, ⁊ beiḋ a h-aṁarc aici, ⁊ duine ar biṫ eile atá dall in do ċoṁursanaċt, déun mar an gceudna leis. Aċt ná glac ór ná airgead ó ḋuine ḃoċt, ⁊ nuair a raċas tú a ḃaile, ar do ḃeaṫa, ná h-innis d’aon neaċ beo cia an áit a raiḃ tú, ná aon niḋ d’eiriġ ḋuit ó d’ḟág tú baile.” Glacfad do ċoṁairle, ⁊ deunfad mar adeir tú,” ar Dóṁnall.”

Annsin, ḃuail sé buille air, ⁊ rinne sé cruiteaċ (crotaċ) ḋe, ⁊ duḃairt sé “lean mise.” Lean Dóṁnall é, ⁊ níorḃ ḟada go ḃfuair sé é féin ag snáṁ ar an loċ, ⁊ an bradán mór lé n-a ṫaoiḃ. Nuair ṫáinic siad go bruaċ, ċaiṫ sé Dóṁnall suas ar talaṁ mar ḃí sé, seal (sul) má ndeaċaiḋ sé aig iasgaireaċt.

Nuair ċuaiḋ sé a ḃaile, ḃí an teaċ líonta roiṁe lé daoiniḃ muintearḋa ⁊ lé coṁursanaiḃ; ⁊ ḃí a ḃean ⁊ a inġíon ag gul ’s ag caoineaḋ mar ṡaoil siad go raiḃ sé báiḋte. Shiuḃail se isteaċ, ⁊ d’iompuiġ siad air lé h-iongantas, ⁊ ṫoisiġ siad ag craṫaḋ láṁ leis. “Fág mo ḃealaċ,” ar Doṁnall, “go dtugaiḋ mé raḋarc dom’ inġíon.” Tharraing sé amaċ domblas an ḃradáin, ⁊ ċuimil sé súile Nóirín, ⁊ ḃí raḋarc aici ċoṁ maiṫ a’s ḃí ag Doṁnall féin. Sgread sí ⁊ ḃuail sí a basa lé lúṫġair ⁊ ṫug sí buiḋeaċus do Ḋia.

[Ḃí go leor daoine dall ins an bparráiste, ⁊ ċuir sé fios orra ⁊ ṫug sé a raḋarc dóiḃ. Níorḃ ḟada go ndeaċaiḋ cáil Ḋoṁnaill ṫríd an tír, ⁊ ḃí daill ag teaċt ċuige ’ċ uile lá.]

Nuair ṫáinic uair an ṁeaḋoin oiḋċe, nó seal gearr roiṁe, ċuaiḋ Dóṁnall go Dún na ríġ; ⁊ is gearr gur ċualaiḋ sé rúille búille, ⁊ torann cosa capall, ⁊ isteaċ leis an Sluaġ Siḋe, ⁊ an bradán mór ós a g-cionn. Nuair ḃi an t-iomlán aca astiġ san Dún, laḃair an bradán mór “Tá báire liaṫróide coise le bualaḋ againn anoċt in aġaiḋ Siḋe Laiġean, tá gaisgiḋeaċ