Peg. Aililliú! a Ċáit an[n 1] ċroiḋe istiġ, cad baḋ gáḋ sain ⁊ gan é ag dul ċum báis? Naċ raiḃ an sagart ann?
Cáit. Aċt, go ḃfeuċaiḋ Dia orainn! Cad é sin agam dá ráḋ? Dar ndóiċ, níḋ naċ iongnaḋ, isé an sagart a ḃaist é, ⁊ mise a ṡeasaiṁ[d 1] ċum baistiḋ leis, mé féin ⁊ Séamus. Aċt cad a ċuir ad’ċeann é ḃeiṫ ag dul ċum báis, a Ṗeg. Ní’l aon ċoṁarṫaiḋe[d 2] báis air. Dia ḋá ḃeannaċaḋ! Ná bíoḋ a eagla ort.
Peg. ’Sdó’. Duḃraiḋis[d 3] ar dtúis[d 4] gur ṫu[d 5] a ṁáṫair, ⁊ annsain[d 6] gur ṫu a ḃaist é, ⁊ deir an Teagasg Críosdaiḋe ná[d 7] féadfaḋ aon-ne’ aċt an sagart é ḃaisteaḋ, muna mbeiḋeaḋ sé ag dul ċum bais ⁊ gan sagart ann.
Síle. Ní deirim ná gurab[n 2] aṁlaiḋ mar tá an sgeul ag Cáit an aimsir seo, ná feadair[d 8] cos léi cad ḋéanfaiḋ láṁ léi.
Cáit. Fágaim le huḋaċt, a Ṡíle, go ḃfuil an ceart agat. Ní ḟeadair[d 8] cos liom cad do ḋeanfaiḋ láṁ liom, ⁊ ní ḟeadar[d 8] féin cad do ḋeanfaiḋ cos ná láṁ liom. Dá ḃfeicfeá é, a Ṡíle, ḃeiḋeaḋ árd-ċion agat air. Tá oiread-sain ceana agamsa air gur dóiġ liom go n-íosfaḋ é!
Gob. Aililliú, a Cáit! cad é sin agat dá ráḋ? Níor ṁaiṫ liom go mbeiḋeaḋ puinn ceana agat orm-sa, má’s mar sin ḋéanfá liom é.
Peg. Dé ḃeaṫa-sa, a Ġobnuit! An ḃfeacaiḋis Nóra ag teaċt?
Gob. Tá sí ċuġat an dorus isteaċ.[n 3] Ḃí sí ag bagairt orm-sa fanṁuint léi, aċt ḃí eagla orm go gcaillfinn aon ċuid de’n sgeul san[d 6] Ṡeaḋna.
Nóra. Feuċ anois, a Ġobnuit! Níor ḃ’ḟiú ḋuit gan fanṁuint liom.
Peg. Dé ḃeaṫa, a Nóra! Ní gearánta[n 4] ḋuit. Ní raḃais i ḃfad ’n-a diaiḋ.[d 9] ’Seaḋ anois, a ċailíniḋe, druidíḋ aníos annso i gcoṁġar na teineaḋ. Tá an tráṫnóna buille beag glas ann féin. Sin é! B’ ḟéidir anois go ḃfuilimíd go seasgair.
Gob. Feuċ gur maiṫ a ṡocruiġeann[d 10] Síle í féin i n-aice Ċáit, ⁊ gan eagla uirṫi go bpriocfaiḋe í!
Síle. Cogar, a Ċáit! Cad í an ainm[d 11] atá air?
Cáit. Tá Eumonn.
Peg. Agus Eumonn, a aṫair. Sid é Eumonn Óg. Eumonn Óg Ua Flainn—is breaġ an ainm í,[d 11] a Ċáit. Molaim ṫu!
Nóra. Agus Molaim-se Séaḋna, a Ṗeg, mar fuair sé an sparán ⁊ cead tarang as. Aċt cionnus do sgar sé leis an réice? Nó ar sgar sé i n-aon ċor leis?
Síle. Is baoġalaċ nár sgar sé ar ḟoġnaṁ[n 5] leis.
Peg. Níor sgar sé leis go dtángadar araon go tiġ[d 9] Seaḋna. Is ar éigin do ḃí aġaiḋ taḃarṫa aco ar an mbaile, ’nuair ċonnairc[d 12] Seaḋna arís an leanḃ ⁊ an ḃríc aráin fé n’osguil aige, ⁊ ḃí sé sa’ driuċ[n 6] i n-a ḃfeacaiḋ[d 13] sé ar dtúis é. D’ḟéaċ sé ar Ṡeaḋna go buiḋeaċ, ⁊ annsain do sgeinn sé as a raḋairc.
Ba ġairid ḋóiḃ i n-a ḋiaiḋ sin go ḃfeacaiḋ[d 13] Seaḋna an ḃean ċosnoċtuiġṫe, ⁊ d’ḟéaċ sise leis[d 14] air go buiḋeaċ, ⁊ d’osguil a láṁ ḋeas i gcaoi go ḃfeacaiḋ[d 13] sé an sgilling annsúd ar ċroiḋe a deárnann, ⁊ annsain do sgeinn sí as a raḋairc, feiḃ[n 7] mar ḋein[d 15] an leanḃ.
Fé[d 16] ċeann tamaill eile, do ċonnairc[d 12] Seaḋna ag siuḃal ar an mbóṫar, roimis[d 17] amaċ, an duine boċt gur[d 18] ṫug sé an ċéad sgilling do. Ḃí drom[d 19] an duine ḃoiċt leis, aċt mar sin féin, d’aiṫin sé go maiṫ é.
“Ní ḟeadar,”[d 8] arsa Seaḋna i n-a aigneaḋ féin, “ar ċoimeád sé an sgilling a ṫugas do, feiḃ mar ċoimeád an leanḃ an ḃríc.”
Ní túisge ḃí an méid sin maċtnaiṁ déanta aige, ’ná d’iompuiġ an duine boċt ar a ṡáil, ⁊ ṫuġ a aġaiḋ[d 9] orṫa. Do ḃí ḋá ḋeoir ṁóra ag teaċt anuas ó n-a ḋá ṡúil. Do ṡín sé amaċ a ḋá láíṁ ⁊ iad ar leaṫaḋ, i dtreo go ḃfuair Seaḋna radarc ar a ḋá ḋeánainn ⁊ ḃíodar araon folaṁ. ’Nuair