[ page ]raing rí é ṫríd an ġríosaiġ, ṫríd an ġrá- saiġ, ṫríd a fiacla fada buiḋe ⁊ ṡluig sí é.
“Biaḋ, biaḋ nó troid” ars an ċailleaċ.
Chaiṫ sé ceaṫraṁad eile ċuicí ⁊ riġne sí an rud céadna leis.
“Biaḋ, biaḋ nó troid” ars sise.
“Troid a ġeoḃas tú a ċailleaċ ṡalaċ” ars seision, “tá an ceaṫraṁaḋ so beag go leór agam féin ⁊ mo ċuid beiṫiġ.”
Leis sin ṫoisiġ siad aig troid ⁊ aig coraiġeaċt, go n-déanfaḋ siad bogán de’n ċreuġán ⁊ creúgán de’n ḃogán, toibreaċa fíor-uisge i lár na g-cloċ glas; gur ċuir siad cíoṫ fola d’a g-croiceann ⁊ cíoṫ cailce d’a g-cnáṁa; ⁊ dá d-tigeaḋ eun beag ó iaċdar an dóṁain go huaċdar an dóṁain gur ḋ’ aṁarc air ṫroid ⁊ air ċoraiġeaċt na beirte a ṫiocfaḋ sé.
Fá ḋeireaḋ ⁊ fa déiḋionnaċ ḃí sé aig eiriġe leis an ċailleaċ Donn a ḃualaḋ. “Cuideaḋ, cuideaḋ a eiċ” air seision.
“Teann, teann, a ribe ⁊ bain an ceann de’n eaċ” ars an ċailleaċ.
Theann an ribe, ⁊ ḃain sé an ceann de’n eaċ.
“Cuideaḋ, cuideaḋ, a ċú” arsa Donn.
“Teann, teann, a ribe ⁊ bain an ceann de’n ċú” ars an ċailleaċ. Theann an ribe ⁊ ḃain sé an ceann de’n ċú.
“Cuideaḋ, cuideaḋ, a ṡeaḃaic” arsa Donn. “Teann, teann, a ribe ⁊ bain an ceann de’n t-seaḃac” ars an ċailleaċ. Theann an ribe ⁊ ḃain sé an ceann de’n t-seaḃac.
Nuair a ċonnaic Donn naċ raḃ cuideaḋ le faġail aige, ċaill sé a ṁisneaċ ⁊ fuair an tsean-ċailleaċ buaiḋ air. Tharraing sí slat draoiḋeaċda amaċ as a brollaċ ⁊ riġne sí carraigeaċa de ḟéin ⁊ d’a ċuid beiṫiġ.
Bliaḋain i ndéiḋ Doinn imṫeaċt, ċuir Duḃ ann a ċeann go raċfaḋ sé ḋa ċuar- tuġaḋ. Riġne an t-aṫair ⁊ an ṁáṫair a seaċt n-díċeall é ċongḃáil aċt ní raḃ gar dóiḃṫe ann. Duḃairt sé naċ g-coḋlóċaḋ sé ḋá oiḋċe in aon teaċ nó naċ g-caiṫfeaḋ sé dá ṫráṫ bíḋ aig aon ḃórd go ḃ-fáġaḋ sé tuaraisg air a ḋearḃraṫair; ⁊ d’imṫiġ sé leis, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin go m-bain- feaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoṫ ribe de, go d-tainic neóin ḃeag ⁊ deíreaḋ an lae ⁊ go raḃ eunaċa beaga na coilleaḋ craoḃaiġe aig dul faoi ṡoireann suain ⁊ síor-ċodlata. Ċonnaic sé cais- lean mór a ḃ-fad uaḋ ⁊ ṫarraing air go dian, deifreaċ ⁊ ċuaiḋ isteaċ. Cuireaḋ fearaḋ na fáilte roiṁe ann sin, ⁊ ṫainic bean uasal óg áluinn aníos ⁊ ṗlúċ sí le pógaiḃ é, ḃáiṫ sí le deóraiḃ é, ⁊ ṫiormuiġ sí le brat síoda ⁊ sróil é. Buḋ í so bean Doinn ⁊ ṡíl sí gur ḃ’é a fear féin a ḃí aici. Ḃí iongantas air Ḋuḃ, ar n-dóiċe, aċt níor leig sé dadaiḋ air. Ní luaiṫe d’eiriġ an lá lá-air-na-máraċ na d’eiriġ Duḃ ⁊ air aṁarc amaċ air an ḟuinneoig dó, cad é ċiḋfeaḋ sé aċt an gearrḟiaḋ buḋ bréaġṫa d’ar ṡoillsiġ grian nó gealaċ ariaṁ air. Ḃí fleasg óir i g-cúl a ċinn ⁊ fleasg airgid i g-clár a eudain.
Le ḃeit leanṫa.
- díorfaċ, a wretched person.
- ribíneaċ, hairy.
- ndeas, neas, near.
TEANGA NA NGAEḊAL.
Ar n-a aṫarruġaḋ go Gaeḋilig ó Ḃéarla
I.M. Uí Raġallaiġ, I. na G.
U. 45, ll. 203, 204
A Ṗáid, a ṁaoin, ar fud an t-saoiġil an
g-cualais a leiṫéid,
Gur teanga ċoigcríoċ an Ġaeḋilig ḃinn ar
ċuantaiḃ Éirionn féin,
Ní’l cion ag óg ná ag cailín deas do ṫean-
gaiḋ Ġráinne Ṁaol,
Ní’l gáḃaḋ anois le dliġṫiḃ ’n-aġaiḋ tean-
gaḋ buiċt’ na nGaeḋal.