20
eann—mar ḃí mé a’ ráḋ, innseann sí ins na dánta so an buaiḋreaḋ agus an briseaḋ croiḋe ḃí uirri i ndiaiḋ a mic agus i ndiaiḋ Néill. Báṫaḋ an mac i gConndae na Gailliṁe ċúns (an ḟaid do) ḃí sé ann dá oileaṁaint.
I gcuid de na dánta tugann sí ḋúinn cur síos ar an mbeaṫa agus an saoġal sóġṁail ḃí aici le Niall, agus déineann sí comórtas brónaċ idir é féin agus an t-aṫruġaḋ saoġail ḃí aici i ndeireaḋ a laeṫeanta.
Scríoḃ sí an ċuid is mó de na haṁráin seo ċúns ḃí sí ’n-a luiġe ar a leabaiḋ le tinneas. Agus is aisteaċ mar ṫáinig an tinneas sin uirri.
Rinne sí brionglóid aon oiḋċe aṁáin gur ṡeas Niall calma tréanṁar i n-aice ċolḃa na leabṫan, agus ḃí an oiread sin do ríṁéad agus lúṫġáir uirri é d’ḟeicsint gur ṡeas sí suas ins an leabaiḋ; scar sí amaċ a láṁa le breiṫ air, agus é ḟáscaḋ le n-a croiḋe. Agus nuair rinne sí sin, ċorruiġ sé mar ḃeaḋ sé le himṫeaċt as an seomra, agus i sliġe go gcoinneoġaḋ sí aici féin é, ṡín sí amaċ a láṁa le breiṫ