seól mór chun na gaoithe agus do ghluaiseadar leis an bhfaraige, ach do stiúruighdar í fé dhéin na trágha. 41Do thuiteamair isteach i n‑áit a bhí idir dhá fharaige agus do buaileadh an long uim thalamh i dtreó go raibh a tusach daingean agus gur bhris neart na faraige a deire.
42Ansan do mheas na saighdiúirí na príosúnaigh a chur chun báis le h‑eagla go snámhfadh cuid acu agus go n‑imtheóchaidís. 43Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theastuigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaitheamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír. 44Agus do rugadh an chuid eile amach, cuid acu ar chlárachaibh agus cuid acu ar neithibh a bhain leis an luing. Agus mar sin do thárla go ndeaghaidh gach duine acu beó amach ar an dtalamh tirim.
Caibiol XXVIII.
Pól i Melita ar feadh trí mhí. A tha steal airís ar an bhfaraige. A teacht chun na Rómha. A chómhrádh leis na Iúdaígh a bhí sa chathair.
1Agus ansan nuair a bhíomair tar éis dul slán fuaramair amach gur Melita a tugtí ar an oileán. Do ghlac na daoine iasachta san go ceannsa sinn. 2Do lasadar teine agus chuireadar compórd orainn, mar bhí fearthainn ag teacht agus bí fuacht ann. 3Ansan bhí Pól tar éis rainnt adhmaid chrín do bhailiú agus do chur ar an dteine, agus do léim athair nimhe, ag teithe ó’n dteas, agus do rug sí ar láimh air. 4Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n‑a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtáinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar beó ó’n ndíoltas é. 5Ansan do chroth seisean an phíast isteach sa teine agus ní raibh aon díobháil déanta dhó. 6Ach mheasadar go dtusnóchadh sé ar at agus go dtuitfeadh sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach nuair a chonnacadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air d’atharuighdar a n‑aigne agus dubhradar gur dhia éigin é.