ag aighneas le h‑aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagógaibh, 13Ná ar fuid na catharach; agus ní’l ar a gcumas a thaisbeáint duit-se gur fíor na neithe atá acu ’á chur am leith. 14Admhuíghim an méid seo dhuit, ámhthach, i dtaobh na slíghe seo ar a dtugaid siad eiriceacht, sin mar a dheinimse seirbhís do’n Athair agus do m’Dhia, óir creidim gach uile nídh atá sgríobhtha sa dlighe agus in sna fáidhibh, 15Go bhfuil mo mhainighin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtiocfaidh aiseirighe na ndeagh-dhaoine agus na ndrochdhaoine. 16Táim féin ag déanamh mo dhíchill áir seo, mo choínsias a chimeád glan i gcomhnuighe chun Dé agus chun daoine. 17Do thánag tar éis mórán blian chun déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrálach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh. [1]18Sa n‑obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa teampull, agus ní le sluagh ná le collóid, 19Ach rainnt Iúdach[* 1] ó Ásia,—agus bhí sé ceart iad san a thabhairt anso ad láthair agus leogaint dóibh neithe chur ain leith má bhí aon rud am choinnibh acu. 20Nú abraidís seo féin é, má fuaradar aon chionntacht ionam nuair a bhíos am sheasamh i láthair na cómhairle, 21Ach an t‑aon fhocal amháin úd a labhras amach agus me am sheasamh eatartha: [2]Is i dtaobh aiseirighe na marbh atá breith agaibhse ’á thabhairt ormsa indiu.
22Ansan do chuir Féilics ar cáirde iad, óir do thuig sé go cruinn i dtaobh na slighe sin agus dubhairt sé: Nuair a thiocfaidh Lusias, an tribiún, anuas éistfead libh Agus d’órduigh sé do’n taoiseach céad eisean do chimeád agus suaimhneas a thabhairt dó agus gan aoinne d’á mhuinntir a chosg ar fhrithálamh a dhéanamh air.
24Ansan, tar éis suim laethanta, tháinig Féilics agus a bhean, Drúsilla,—Iúdach ab eadh í,—agus ghlaoidh sé chuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaidh ar an gcreideamh atá i n‑Íosa Críost. 25Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an mbreitheamhantas atá le teacht, agus tháinig critheagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a
- ↑ .i. do labhair am choinnibh.