deoch a dh’ól go marbhuíghid siad é, agus táid siad ollamh anois ag feitheamh leis an ngeallmhaint uait. 22Do chuir an tribiún uaidh an buachaill agus dubhairt sé leis gan a dh’innsint d’aoinne gur thug sé an méid sin eóluis dó féin.
23Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Ollmhuighidh dhá chéad saighdiúir, agus deichniubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhadh h‑uair de’n oidhche, chun dul go Caesaraéa; 24Agus ollmuighidh eacjra iompair ar a gcuirfid siad Pól chun é bhreith slán ag triall ar Fhéilics an Gobhernóir. 25(Mar bhí eagal air go dtógfadh na Iúdaígh ar éigin é agus go marbhóchaidís é, agus ansan go ndéanfi tromaidheacht air féin, go ndéarfí go raibh airgead le fághail aige as.) 26Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti:
- “Claudius Lusias chun an Ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte. 27Do rug na Iúdaígh ar an bhfear so agus bhíodar ar tí é chur chun báis. Do fuaras féin amach gur bh’fhear Rómanach é agus thánag ortha le buidhin airm agus thógas uatha é. 28Ansan theastuigh uaim ’fhios a bheith agam cad a bhí acu ’á chur ’n‑a leith agus chuireas i láthair a gcómhairle féin é. 29Fhuaras gur neithe éigin a bhain le n‑a ndlighe féin a bhí acu ’á chur n‑a leith. agus ná raibh aon choir déanta aige do thuillfeadh bás ná braighdineas. 30Ansan do h‑innseadh dom go raibh ceilg déanta acu dhó agus chuireas ag triall ortsa é, agus dubhart leó-san pé nídh a bhí acu le cur ’n‑a leith, é chur n‑a leith ad láthair-se. Slán leat.”
31Ansan do thóg na saighdiúirí leó Pól, fé mar a h‑órduígheadh dóibh, sa n‑oidhche, go h‑Antipatris, 32Agus amáireach a bhí chúghainn do leogadar do’n mharc-shluagh dul leis agus thánadar féin thar n‑ais go dtí an longphort. 33Chuadar-san go Caesaréa agus thugadar an litir do’n Ghobhernóir agus chuireadar Pól ’n‑a láthair. 34Do léig sé an litir. Ansan d’fhiafraigh sé cad é an ceanntar n‑ar bh’ as é, agus nuair a fuair sé gur bh’ ó Chilicia é: 35Éistfead leat, ar seisean, nuair