’á chur ’n‑a leith, agus do sgaoil sé é, agus d’órduigh sé na sagairt agus an chómhairle do theacht i bhfochair a chéile agus thug sé Pól amach agus chuir sé os a gcómhair é.
Caibidiol XXIII.
Pól i láthair na cómhairle. Deinid na Iúdaígh ceilg chun é mharbhú. Curtar go Caesaréa é.
1D’fhéach Pól ar an gcómhairle agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, tá mo ghnó déanta agamsa i ngach deagh-choínsias, i dtaobh Dé, go dtí an lá so indiu againn. 2Ansan dubhairt an t‑árd-sagart, Ananías, leis na daoine a bhí i n’aice é bhualadh sa bhéal. 3Dubhairt Pól leis, ámhthach: Buailfidh Dia thusa, a fhala [* 1]aolta. Tusa ad shuidhe chun breithe thabhairt ormsa do réir na dlighe, agus, i n‑aghaidh na dlighe, a n‑órduígheann tú mé bhualadh? Agus dubhairt na daoine a bhí n‑a seasamh i n'Aice: An ag easgainí ar árdsagart Dé ataoi? 5Agus dubhairt Pól: Ní raibh ’fhios agam, a bhráithre, gur bh’é an t‑árdshagart é. Óir tá sgríobhtha: [1]Ná tabhair droch-chainnt d’uachtarán do dhaoine.
6Ach bhí ’fhios ag Pól gur de sna Saddúcínigh cuid acu agus gur de sna Fairisínigh an chuid eile, agus dubhairt sé go h‑árd: A bhráithre, [2]Fairisíneach iseadh mise, mac Fairisínigh. Is mar gheall ar shúil le h‑aiseirighe na marbh atáim ar mo thriail. 7Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’éiright toirmeasg idir na Fairisínigh agus na Saddúcínigh agus deineadh dhá chuid de’n bhuidhin. [3]8Óir deir na Saddúcínigh ná fuil aiseirighe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adamhuíghid na Fairisínigh gach nídh acu. 9Ansan d’éirigh collóid mhór. Do phreab cuid de sna Fairisínigh ’n‑a seasamh agus bhíodar ag aighneas agus deiridís: Ní bhfaighmíd aon olc sa duine feo. Má labhair spioraid leis, nú aingeal, cad é sin d’aoinne eile sin. 10Ansan, nuair a bhí an sgéal ’n‑a bhruidhin chaorthainn eatartha
- ↑ Exod. xxii. 28.
- ↑ Phil. iii. 5.
- ↑ Mait. xxii. 23.
- ↑ .i. a dhuine atá geal lasmuigh agus dubh laistigh.