Jump to content

Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/59

From Wikisource
This page has been proofread.
Caib. XVII. 22
339
Gníomhartha na n‑Aspol

i n‑aon rud eile ach bheith ag innsint agus ag cloisint nuacht.)

22Do sheasaimh Pól i lár an Areopaguis agus dubhairt sé: A fheara Aténacha, chím sibhse, ins gach slighe, ana-úmhal do dhéithibh. 23Óir, ag gabhail na slighe agus ag féachaint dom ar bhúr n‑íomhágh­thibh, do fuaras altóir agus bhí sgríobh­tha uirthi “Do’n Dia ná h‑aithnigh­tear.” An nídh sin a dh’onórann sibh gan aithne agaibh air, táimse ’ghá theagasg daoibh. [1]24Dia, a dhein an domhan agus gach a bhfuil ann, ó ’sé Tighearna neimhe agus talmhan é, [2]ní chómh­núigheann sé i dteampall­aibh a deineadh le lámhaibh;[* 1] 25Ná ní deintear dó, le lámhaibh daoine, seirbhís go bhfuil gádh aige leis óir isé féin a thugann do gach duine anam agus anál agus gach uile nídh. 26Agus do chuir sé, ó aon duine amháin, an chine daona go léir ’n‑a gcómh­nuidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé gach tréimhse aimsire dhóibh chun cómhnuigh­the ann, agus gach teóra, 27Chun iad a bheith ag lorg Dé, féachaint an bhfeád­faidís teang­abháil leis ná teacht suas leis, bíodh ná fuil sé abhfad ó gach duine againn. 28Óir is ann féin a mhairimíd agus a chorruigh míd agus atáimid, fé mar adeir daoine d’bhur bhfilíbh féin; “Óir is d’á ghein­eamhaint sinn.” D’á bhrígh sin, ó’s de ghein­eamhaint Dé sinn, ní cóir dúinn a mheas go mbeadh Dia cosmhail le h‑ór ’ná le h‑airgead ná le cloich, snoíghe ealadhan agus ceapadh aigne duine. 30Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ain­bhfiosa san thairis agus ’ghá fhógairt do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aithrighe ins gach aon bhall. 31Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun breith­eamhan­tais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.

32Ach nuair airíghdar an ais­eirighe ó sna mairbh chrom

  1. Gen. i. 1.
  2. Supra vii. 48.
  1. Ver. 24 “Ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh.” Ní coinnightear é i dteampallaibh i gcéill go mbeadh riach­tanas aige leó chun cómh­nuighthe, nú chun aon úsáide eile, mar mheasadh na págánaigh. Ach ó tá sé ins gach uile ait, tá sé ins na teampall­aibh fé mar atá sé ins gach áit eile.