Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/74

From Wikisource
This page has not been proofread.
66
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Aċt dar ndóiġ ná fuiġfeaḋ sé freagra ṫaḃairt orm. — Conus is féidir liom dul isteaċ?” ar sí sin arís, ag laḃairt go hárd.

“Fanfa mise im’ ṡuiḋe annso go dtí i mbáireaċ,” arsaiġ an giolla.

Díreaċ le n-a linn sin d’osclaḋ an dorus agus do teilgeaḋ de ḟuinneaṁ amaċ i leiṫ cinn an ġiolla pláta mór; d’imṫiġ sí díreaċ de ḃarr a ċaincín amaċ agus deineaḋ píosaí ḋe i gcoinne crainn ḃí taoḃ ṫiar de.

“… nó go dtí anurṫar béidir,” arsaiġ an giolla, gan aon tsuim dá ċur aige insan urċar a caiṫeaḋ leis.

“Conus is féidir liom dul isteaċ?” arsaiġ Eiḃlís arís ċoṁ árd agus ab’ ḟéidir léi.

“Is eaḋ,” arsaiġ an giolla, “aċt an leig- fear isteaċ in aon ċor tú? Sin, í an ṗríoṁ- ċeist, maran ḃfuil a ḟios agat é.”

Ba í, dar ndóiġ, aċt níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís é sin á ráḋ léi. “Naċ é an scannraḋ,” arsaiġ Eiḃlís fé n-a fiacla, “naċ é an scannraḋ mar a ṫagann na hainṁiḋṫe seo treasna ar ḋuine. Ḃainfeaḋ sé do ṁeaḃair díot, ḃaineaḋ sin, ḃeiṫ ag pléiḋe leo.”

Ṫosnuiġ an giolla ag caint leis féin arís: “Fanfa mé annso im’ ṡuiḋe, ċuġam agus uaim ar eaḋ na laeṫeannta.”

“Aċt cad a ḋeunfad-sa má’s eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís.

“Déin do roġa rud,” arsaiġ an giolla, ag cromaḋ ar ṗort feadġala ḋó féin.

“Ó, ní ḟuil aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag caint leis sin,” arsaiġ Eiḃlís, agus í i ndeireaḋ na foiḋne, “tá an fear sin as a ṁeaḃair glan.” D’oscail sí an dorus í féin agus isteaċ léi.