CAIBIDIL A V
COṀAIRLE CNEAṀDÓIGE
D’ḟeuċ an ċneaṁdóg (tugtar cneaṁdóg ar an bpiast ċabáiste) agus Eiḃlís ar a ċéile ar feaḋ tamaill gan an oiread agus focal as aoinne aca. ’Sa deireaḋ ḃain an ċneaṁdóg an píopa as a ḃeul agus laḃair sé léi i nguṫ faon-lag codlataċ.
“Cé hé tusa?” arsaiġ an ċneaṁdóg.
Ba ḃoċt an bogaḋ ċum seanċuis a leiṫéid seo de ċeist a ċur. D’ḟreagair Eiḃlís é go háiṁleasga: “Is ar éigin atá a ḟios agam féin cé hé mé fé láṫair, a ḋuine uasail — tá a ḟios agam cé arḃ’é mé ar maidin nuair d’éiriġ mé, aċt is mó cor agus aṫruġaḋ a ċuir mé ḋíom ó ṡoin.”
“Cadé an ḃríġ atá agat leis an gcaint sin?” arsaiġ an ċneaṁdóg go dána. “Míniġ ḋom bríġ do scéil!”
“Ní féidir liom aon ṁíniuġaḋ in aon ċor a ṫaḃairt im’ ṫaoḃ féin duit, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, “tá a ḟios agat naċ mise mé féin in aon ċor.”
“Ní ḟuil a ḟios agam aon rud dá leiṫéid,” arsaiġ an ċneaṁdóg.
“Is baoġal liom,” arsaiġ Eiḃlís go deaġ- ḃeusaċ, “naċ féidir liom aon solus níos fearr a ṫaḃairt duit ar mo ċúrsaí; ní ḟuil solus agam féin orra, agus is bacaċ an tosaċ ar mo sceul a innsint é sin. Is mór an cráḋ do ḋuine ḃeiṫ ag dul i luiġead agus ag dul i meud ċoṁ minic sin.”
“Deirim-se naċ eaḋ,” arsaiġ an ċneaṁdóg. “Ó, béidir,” arsaiġ Eiḃlís, “nár ṫárlaiġ