eoċairín óir leagṫa ar an mbórd gloine mar a ḃí an ċeud uair. “Tá an sceul níos measa ná riaṁ,” arsaiġ an leanḃ boċt léi féin, “mar ná raḃas riaṁ ċoṁ beag leis so ċeana. Naċ dona an sceul é.”
Le n-a linn sin ṡleaṁnaiġ a cos uaiṫe agus ḃí sí go dtí n-a beul in sáile. Ṡíl sí gur aṁlaiḋ ḃí sí tar éis tuitim isteaċ ’sa ḃfarraige. “Raġa me aḃaile ar an mbóṫar iarainn,” ar sí sin léi féin. (Ḃí Eiḃlís cois farraige uair dá saoġal, agus ḃí sé socair in a haigne aici pé áit a raġṫá ar ċóstaí na hÉireann go dteag- ṁóċ’ boṫa snáṁ leat, scata leanḃaí ag baint gainiṁe le sluaiste bata, tiġṫe iostais i ndiaiḋ a ċéile, agus ar a gcúl sin go léir tiġ an ḃóṫair iarainn.) Aċt is gairid go raiḃ a ḟios aici cá raiḃ sí — istiġ ’sa loċ deoraċa a ṡil sí an ḟaid ḃí sí naoi dtroiġṫe ar aoirde.
“Naċ orm a ḃí an mí-áḋ agus an méid sin a ġol,” arsaiġ Eiḃlís, agus í ’sa snáṁ ṫimċeall d’iarraiḋ teaċt amaċ. “Díolfa mé as anois,” ar sí sin, “báṫfar mé im’ ḋeoraċa féin, agus naċ ait a ḟeuċfaiḋ sé gan daḃt. Aċt, tá gaċ aon rud ait indiu, dar ndóiġ.”
D’airiġ sí rud éigin a’ lapadáil ’sa loċ gairid dí agus snáṁaiġ sí níos giorra ḋó feuċaint cad a ḃí ann; ṡíl sí a’ ċeud uair gur míol mór nó capall farraige ḃí taoiḃ léi, aċt annsin nuair a ċuiṁniġ sí ná raiḃ oiread na fríġde innte féin níorḃ’ iongnaḋ léi ná raiḃ ann aċt luiċín a ṫuit isteaċ ’sa loċ mar a ḃain dí féin.
“Ní ḟeadar arḃ’ aon tairḃe ḋom,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “dul ċum cainte leis an luiċín so. Tá gaċ aon rud ċoṁ neaṁ-ċoitċionta sin