"Ó, a ċiallaċ! naċ dícéille an ċaint atá ar siuḃal agam.”
Le n-a linn sin ḃuail barr a cinn in áirde i gcoinne fraiġṫeaċa an tiġe: ḃí ós cionn naoi dtroiġṫe ar aoirde anois innte, agus níor ḋein sí aon ṁoill aċt an eoċairín óir d’árdaċ léi agus cur dí ċoṁ mear agus ḃí aici go dtí dorus an ġáirdín.
Ṡuiḋ sí síos agus ċrom sí ag gol arís
An t-aingciseoir boċt! Ċuir sé ċum a díċill agus í sínte ar a cliaṫán feuċaint isteaċ ’sa ngáirdín le n-a leaṫ-ṡúil, aċt a ráḋ go ḃfuiġeaḋ sí dul isteaċ! Adeirim-se “dul isteaċ” leat! Ṡuiḋ sí síos agus ċrom sí ag gol arís.
“Ba ċeart náire ḃeiṫ ort,” arsaiġ sí léi féin, “cailín breáġ mar tú” (agus is breáġ a ḃí sí), “a ḃeiṫ ag gol mar seo! Stad ar an nómant dearg anois é, adeirim leat! Mar sin féin, lean sí uirre ag sileaḋ na ndeor in a ngalúin go raiḃ ċeiṫre órdlaċ